Leabhair Leictreonach Gaeilge le Seoladh ag Litriocht.com

Is é cló litríocht an ghné foilsitheoireachta de chuid litriocht.com, an siopa leabhar gaeilge is mó ar domhan. Bainfidh príomh chúram cló litríocht le ríomhleabhair (rleabhair). Seolfaidh cló litríocht fo-roinn trialach rleabhair ar an gcéad lá de sheachtain na gaeilge mar chuid de litrocht.com. Beidh leabhair de chuid maidhc dainín ó sé ar fáil i bhfoirm dhigiteach. Beidh an saghas seo leabhar níos solúbtha agus níos saoire do léitheoirí.

Tá éileamh ar rleabhar ag méadú go mór leis na díoltóirí móra leabhar, cosúil le amazon.com agus waterstones. Tá roinnt ama caite ag úinéir litriocht.com, tomás mac gearailt, ag rianú an fás i margadh na rleabhar agus creideann sé gur anois an t-am ceart chun tosnú ar leabhair ghaeilge a sheoladh isteach in earnáil na rleabhar. “tá fás mór ar mhargadh na rleabhar de réir mar atá na ceisteanna casta dlí á réiteach.” a deir tom.   “bhí litriocht.com ar an gcéad siopa leabhar neamspleách gaeilge ar an idirlíon, agus tá sé mar aidhm againn freastal go hiomlán ar éilimh ár gcustaiméirí. Tá leabhair ghaeilge á ndíol ag litriocht.com i 66 tír agus tá bonn custaiméara sofaisticiúil againn atá dul i méid i gcónaí. I suirbhé ar litriocht.com le déanaí, d’inis breis agus 60% d’ár gcustaiméirí linn gur mhaith leo rleabhair as gaeilge agus go gceannóidís iad dá mbeadh a leithéid ar fáil. ”

Tá éileamh mór ar leabhair mhaidhc dainín ó sé ar litriocht.com agus d’aontaigh sé dul i mbun oibre linn ar scéim trialach 3-mhí maidir leis na rleabhair. I measc cuid de na leabhair is mó clú atá scríofa ag maidhc dainín áirítear ‘a thig ná tit orm’ agus ‘is glas iad na cnoic’. Táimid i mbun díospóireachta le húdair eile chomh maith atá ag smaoineamh ar thabhairt faoin tionscadal seo linn go luath.

Tá litriocht.com, a rinne ceiliúradh ar a 10ú mbliain ar líne anuraidh, tógtha ar nuálaíocht agus seirbhís chustaiméara. Sa bhliain 1999, cé go raibh cuid dos na foilsitheoirí ag díol a leabhair féin ar líne, b’é litriocht.com an t-aon siopa leabhar neamspleách gaeilge ar líne agus tá sé tar éis fás ó shin i leith chuig an siopa leabhar gaeilge ar líne is mó ar domhan. Baineann litriocht.com úsáid as an teicneolaíocht is nua-aimseartha chun eispéireas siopadóireachta a sheachadadh atá idirghníomhach agus éasca le húsáid.

Taithníonn smaoineamh na rleabhar le custaiméirí domhanda litriocht.com toisc go mbeadh praghsanna níos ísle agus ná beadh aon chostais iompair. Próiseas simplí a bheidh i gceist le hordú rleabhair ina mbeidh sé ar chumas an chustaiméara an leabhar a chur sa chiseán agus tosú á léamh laistigh d’achar gairid ama ar a ríomhaire glúine nó ar ríomhléitheoir.

0 likes (You must login to like)