Maeve Binchy
Rugadh Maeve Binchy i mBaile Átha Cliath i 1939, tógadh ann í ar dtús ag freastal ar.. agus ansin ar Holy Child i gCill Iníon Léinín. Rinne sí staidéar ar an Stair i gColáist Ollscoile Baile Átha Cliath, agus bhain sí a céim amach i 1960.
Cosúil le mórán scríbhneoirí Éirinneach roimpi, chaith sí tréimhse mar mhúinteoir, sar a thosaigh sí ag scríobh go lán-aimsire. Mhúin sí Béarla, Laidin agus Fraincis i roinnt scoileanna do chailíní, agus chaith sé amm ag múineadh i scoil Ghiúdach comh maith; tá tábhacht ag baint le seo as gur imigh sí ar thuras go dtí Iosrael, mar bhronntanas ó thuismitheoirí na scoile. Scríobh sí litreacha dá tuismitheoirí, agus is as seo a thosaigh sí ag scríobh ailt taistil. Tar éis seo, in 1968 fuair sí post mar iriseoir leis an Irish Times. Ba mhór an tionchar a bhí ag an turas seo ar a creideamh comh maith.
Phós sí i 1977, Gordon Snell, a bhí ag oibriú leis an BBC ag an am; tar éis a pósadh, thosaigh sí ag scríobh agus ag foilsiú cnuasacha gearrscéalta agus úrscéalta. Chónaigh siad i nDeilginis, cóngarach a dhóthain do áit cónaithe a hóige. Rud a thaitníodh faoi scéalaíocht Binchy ná an cur síos a rinne sí ar saol na muintir na hÉireann, idir tuaithe is cathrach. Foilsíodh 16 leabhar léi fad is a bhí sí beo, agus ceann amháin eile, i ndiadh a báis. Dhá bhliain i ndiadh a báis, foilsíodh cnuasach de 36 gearrscéal a bhí scríte aici, ach nach raibh foilsithe. Ba mhór an ghrá a bhí ag daoine di, ní hamháin in Éirinn, ach timpeall an domhain ar fad. Aistríodh a scríbhneoireacht go 37 teanga difriúil, ina measc an Ghaeilge. Lorraine Ní Dhonnachú a d’aistrigh The Builders, go Na Tógálaithe i 2007.