* braitheann gach ábhar ar ár láithreán ar iad a bheith ar fáil

* d’fhéadfadh costas gach ábhar athrú ó am go h-am

Eolas maidir le post

Má tá do ordú i stoc again seolfar amach chugat iad ar an dtoirt.

Tá costas an phoist sa bhreis ar chostas an leabhair seo leanas mar a oibríonn an post.

* éire: 2 go dtí 4 lá

* an ríocht aontaithe 4-8 lá

* an taontas eorpach 4-10 lá

* na stáit aontaithe agus ceanada: 6-14 lá

* gach áit eile: 8-16 lá

Mura bhfuil do ordú i stoc againn, cuirfear ar eolas tú trí ríomhphost maidir leis an dáta seachadadh

Beidh fáilte romhat ceist a chur faoi do ordú ag aon am

Táillí seachadadh

Déantar gach iarracht do phacáiste a sheoladh chugat sa mhodh is saoire

Braitheann an costas ar dhá rud

* meáchain an táirge a ordaigh tú

* an tír nó an áit a bhfuil an pacáiste le seoladh chuige

Ríomhtar costas an phoist go h-uathoibríoch de réir an seoladh a chuireann tú isteach le do ordú.

Caithfear aon eolas maidir le damáiste, no earraí mí-cheart a chur in iúil do litriocht.com laistigh de 24 uair a chloig

Nascanna

D’fhéadfadh litríocht.com nascanna le láithreáin eile a chur ar an suíomh, níl freagracht ná smacht ná dlitheanas ag litríocht maidir le aon ábhar ar na láithreáin seo. Níl sna láithreáin seo ach áis dár gcustaiméirí.

Polasaí príobháideachais

Léigh an polasaí príohbáideachais seo le do thoil roimh an suíomh a úsáid nó aon fhaisnéis phearsanta a chur faoi bhráid. Nuair a úsaideann tú an suíomh, tá tú ag glacadh leis na cleachtais a gcuirtear síos orthu sa pholasaí príobháideachais seo. D’fhéadfaí na cleachtais seo a athrú, ach déanfar aon athruithe a fhógairt agus ní bhainfidh feidhme leis na hathruithe ach le gníomhaíochtaí agus faisnéis ar bhonn dul chun cinn, seachas ar bhonn aisghníomhach. Molatar duit an polasaí príobháideachais a athbhreithniú aon uair a thugann tú cuairt ar an suíomh chun a chinntiú go dtuigeann tú conas a úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a sholathraíonn tú.

Tabhair faoi deara: ní bhaineann na cleachtais phríobháideachais atá leagtha amach sa pholasaí príobháideachais seo ach leis an suíomh gréasáin seo. Má nascann tú le suímh ghréasáin eile, déan polasaithe príobháideachais na suíomh sin a athbhreithniú le do thoil.

Bailiúchán faisnéise

Bailímid faisnéis inaitheanta phearsanta, cosúil le hainmneacha, seoltaí poist, seoltaí rphoist, s.rl., curtha faoi bhráid go deonach ag ár gcuairteoirí. Úsáidtear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú chun d’iarratas ar leith a chomhlíonadh. Ní úsáidtear an fhaisnéis seo ach chun d’iarratas ar leith a chomhlíonadh, ach amháin má thugann tú cead dúinn í a úsáid ar bhealach eile, mar shampla chun tú a chur ar cheann dár liostaí seachadta.

Teicneolaíocht rianaithe/fianán

D’fhéadfadh an suíomh seo úsáid a bhaint as teicneolaíocht rianaithe agus fianáin ag brath ar na gnéithe á dtairiscint. Tá teicneolaíocht rianaithe agus fianáin úsáideach chun faisnéis a bhailiú ar nós cineál brabhsálaí agus córas feidhmíochta, chun rianú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar an suíomh, agus chun tuiscint a fháil ar conas a úsáideann cuairteoirí an suíomh. Sa bhreis ar sin is féidir le fianáin cabhrú chun an suíomh a oiriúnú do chuairteoirí. Ní féidir faisnéis phearsanta a bhailiú trí fhianáin agus teicneolaíocht rianaithe eile, mar sin féin, más rud é gur sholáthar tú faisnéis inaitheanta phearsanta cheana féin, d’fhéadfadh fianáin a bheith ceangailte le faisnéis dá leithéid. D’fhéadfaí comhbhailiúchán faisnéise rianaithe agus fianáin a roinnt le tríú páirtithe.

Dáileadh faisnéise

D’fhéadfaimis faisnéis a roinnt le gníomhaireachtaí rialtasacha nó cuideachtaí eile atá ag cabhrú linn i leith imscrúdú nó cosc calaoise. D’fhéadfaimis amhail a dhéanamh: (1) sa chás go bhfuil cead nó éileamh de réir an dlí; nó, (2) sa chás go bhfuiltear ag iarraidh cosaint nó cosc i gcoinne calaois nó idirbheart iarbhír nó féideartha; nó, (3) i gcás imscrúdaithe calaoise atá curtha i gcrích cheana féin. Ní sholáthraítear an fhaisnéis do na cuideachtaí seo ar mhaithe le cuspóirí margaíochta.

Tiomantas don slándáil sonraí

Coimeádtar do chuid faisnéise inaitheanta phearsanta slán sábháilte. Níl rochtain ar an bhfaisnéise seo ach ag fostaithe, gníomhairí agus conraitheoirí údaraithe (atá tar éis aontú chun an fhaisnéis a choinneáil slán agus rúnda). Tugann gach rphost agus nuachtlitir ón suíomh seo cead duit diúltú a bheith páirteach i mbreis choir poist.

Sonraí teagmhála príobháideachais

I gcás aon cheisteanna, ábhair imní nó ráitis maidir lenár bpolasaí príobháideachais is féidir leat dul i mbun teagmhála linn ag baint úsáide as na sonraí anseo thíos:

Guthán: 02647330

Rphost: info@litriocht.com

Tá sé de cheart againn athruithe a dhéanamh i leith an polasaí seo. Déanfar aon athruithe sa pholasaí a fhógairt.

Polasaí um fhilleadh earraí

Ag litriocht.com teastaíonn uainn go mbeifeá sásta le do cheannachán gach uair a dhéanann tú do chuid siopadóireachta linn. Mar sin féin ó am go chéile, tá a fhios againn go bhfuil seans ann go dteastódh uait earra a thabhairt ar ais, chuige sin féach thíos ár bpolasaí um fhilleadh earraí.

Más rud é ar pé chúis nach bhfuil tú sásta le do cheannachán, is féidir leat é a sheoladh ar ais chugainn ina chuma bhunaidh, laistigh de 7 lá ón lá a bhfuarthas é, ar an gcoinníoll go gcuirfear sinn ar an eolas i bhfoirm rphoist laistigh de dhá lá ón lá a bhfuarthas an ceannachán, agus uaidh sin (1) cuirfimid aisíocaíocht iomlán chugat don phraghas a íoc tú ar an ábhar, nó (2) seolfaimid earra ionaid chugat.. Tá sé de cheart againn diúltú le hearraí a seoltar ar ais chugainn nó ár dtáillí agus costais a ghearradh ort más rud é go bhfaightear an t-earra i mbealach nach bhfuil faoi réir an riachtanais seo.

Baineann sé seo lenár n-earraí clóbhuailte ar fad. Mar sin féin, is oth linn a rá nach féidir linn glacadh leis an bpolasaí anseo thuas i leith ceannachán físeáin, dvd, ábhair chlosamhairc, físchluiscí agus táirgí bogearraí sa chás go bhfuiltear tar éis séala an earra a bhriseadh nó i leith earraí íoslódáilte ar bhonn digiteach, seachas i gcás táirge lochtach, áit a sholáthrófar earra ionaid.

Costais seachadta d’earraí fillte:

Más rud é go bhfuil earra á sheoladh ar ais agat de bharr earráide ar ár dtaobh, tabharfaimid aisíocaíocht duit ar chostais seachadta tabhaithe i leith an t-earra á sheoladh chugat agus do chuid costais i leith an t-earra a sheoladh ar ais chugainn. Má seoltar earra ar ais chugainn toisc go bhfuil sé lochtach, tabharfaimid íocaíocht duit ar na costais i leith an t-earra a sheoladh ar ais chugainn, agus seolfaimid earra ionaid chugat. Le haghaidh aon earraí eile á sheoladh ar ais agat is tusa féin a bheidh freagrach as ucht na costais úd.

Chun earra a sheoladh ar ais sa phost:

Chun earra a sheoladh ar ais, déan teagmháil linn le do thoil ag info@litriocht.com nó ar +353 (0) 2647330 le d’uimhir ordaithe á lua agat. Iniaigh an uimhir ordaithe seo le do thoil mar aon le nóta ag léiriú an chúis go bhfuil an t-earra á sheoladh ar ais agat. Clúdaigh an pacáiste go daingean agus seol chuig an seoladh anseo thíos é. I gcás táirge lochtach, tabhair cur síos iomlán ar an locht le do thoil agus seol an t-earra lochtach ar ais ina bhosca bunaidh (más ann dó), i dteannta le baránta, ceadúnais, lámhleabhair agus oiriúintí ar fad.

Cuirfimid ar eolas tú i bhfoirm rphoist nuair atá d’iarratas próiseáilte againn – d’fhéadfadh go dtógfadh sé seo trí seachtaine

Aonad 2A, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí P12 PX22.

Ní chuireann an polasaí um fhilleadh earraí seo isteach ar so chearta reachtúla.

Earra a chur ar ceal:

Faoi réir rialacháin um chosaint tomhaltóirí (cian-díolachán) na héireann, tá sé de cheart agat an conradh a chur ar ceal i leith ceannach aon earra laistigh de seacht lá óna sheachadadh. Baineann sé seo lenár n-earraí clóbhuailte ar fad.

 

Barr