Brian O Nolan

https://img.rasset.ie/000dd66c-800.jpg

Brian O Nolan, Flann O Brien, Myles na gCopaleen. Trí ainm ar aon fear amháin; ainm pinn atá i gceist leis an dhá ceann deirneach. D’fhás O Nolan aníos i mBaile Átha Cliath, óna rugadh é i 1911. D’fhreastal sé ar Choláiste na Carraige Duibhe, áit a bhí John Charles McQuaid, (a bheadh mar(Ard Easpag Baile Átha Cliath) mar mhúinteoir Béarla aige. D’fhreastal sé ar Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus scríobh sé mórán agus rialta ag an am sin, foilsíodh cuid dá scríbhneoireacht in irisí an choláiste, faoi ainm pinn (Brother Barnabas) don chuid is mó.

 

Bheadh ainm pinn in úsáíd aige do mhórán dá scríbhneoireacht.. Fuair O’Nolan post san tSeirbhís Siabhialta; ag an am bhí an-éileamh ar phost san tSeirbhís as gur post buan le pinsin a bhí i gceist, rud anamh ag an am. Bhí srianta áfach ar an bpolaitíocht ann as gur áit neamhpholaitúil é ó aimsir an Cogadh Cathartha, agus mar sin ba dheacair de O’Nolan scríobh ar ábhar cúrsaí reatha, gan bheith briste as a phost. Mar sin thosaigh sé ag scriobh faoi ainmneacha cleite Flann O Brien agus Myles na gCopaleen.

 

Scríobh sé faoi ainm Myles na gCopaleen i gcolúin i nuchtáin an Irish Times. Ar dtús scríobhadh an colúin, An Crúiscín Lán (an Cruiskeen Lawn) as Gaeilge agus ansin as Béarla, le beagáinín Laidine, Fraincise agus Gearmáinise curtha tríd. Lean sé ar ag scríobh sa cholúin seo go dtí uair a bháis i 1966. Níorbh é an taon píosa scríbhneoireachta a bhí aige áfach. Scríobh sé roinnt leabhair ficsean comh maith; At Swim Two Birds, The Third Policeman, The Dalkey Archive. Scríobh sé comh maith ceann de na leabhir Gaeilge is rathúla, An Béal Bocht

Níl mórán eolas ann faoina shaol pearsanta, ach amháin a chuid oibre, gur phós sé Evelyn McDonnell a bhí ag oibriú sa roinn céanna leis, agus go bhfuair sé bás ar an 1ú Aibreán 1966.

0 likes (You must login to like)