James Joyce

https://www.biography.com/.image/t_share/MTE1ODA0OTcxNjgwMTcxNTMz/james-joyce-9358676-1-402.jpg

Úrscéalaí, gearrscéalaí agus file. Rugadh James Joyce agus d’fhás sé aníos i Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, in 1882.

D’fhreastal Joyce ar Choláiste na mBráithre Críostaí, Coláiste Clongowes agus Coláiste Belvedere. Tar éis seo, bhog sé ar aghaidh go Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, áit a rinne sé staidéar ar an Béarla, an Fraincis agus an Iodáilis. Bhog sé go dtí an Fhraince go gearr i ndiadh a thréimhse ag UCD a chríochnú, leis an aidhm staidéar a dhéanamh ar an Leigheas, ach níor éirigh ró-mhaith leis.

Chaith sé an chuid is mó dá shaol mar dhuie fásta, thar lear. Idir an Elvéis, an Iodáil agus an Fhrainc. Níor scríóbh sé go lánaimsire; chaith sé am ag múineadh, mar cléireach i mbanc, ionadaí pictiúrlanna agus mórán eile. Cé gur bhog sé chuig Mór-Roinn na hEorpa le Nora, a bhean chéile, chuir sé iachall ar a dheartháir Stanislaus teacht chucu comh maith le deirfiúireacha le Nora; Eva agus níos déanaí, Eileen. Le linn na hama seo, bhí sé ag streachailt le fadhbanna airgeadais agus fadhbanna leis an olachán, ach bhí sé i mbun an scríbhneoireacht. Rinne sé iarracht Portrait of the Artist a foilsiú i 1904, ach níor éirigh leis. Rinne sé iarracht arís tar éis beagán athrú agus an ainm Stephen Hero ní raibh aon rath aige leis an leabhar go dtí 1916, le mórán athscríobh, agus ar deireadh foilsíodh é leis an ainm Portrait of the Artist as A Young Man.

 

Is é an leabhar is cáiliúla dá chuid ná Ulysses, a foilsíodh i 1922 mar leabhar iomlán. Roimhe seo foilsíodh é i sraitheanna in iris Meiriceánach “The Little Review”. Tá mórán de na carachtair i Ulysses bunaithe ar dhaoine go raibh aithne pearsanta ag Joyce orthu. Cuireadh cinsireacht ar in sna Stát Aontaithe ar feadh tamaill, as gur ceapadh go raibh codanna áirithe do gáirsiúil agus graosta. In Éirinn, ní raibh cinsireacht oifigiúil ar an leabhar, ach de thoradh ar poll lámhaigh i dlíthe chustaim a bhain Rialtas na hÉireann úsáid as, ní raibh cóip de ar fáil in Éirinn go dtí na 1960idí.

 

Is mórán éifeacht agus tionchar a bhí ag a scríbhneoireacht ar scríbhneoirí eile, ina measc an file Seán Ó Riordáin agus scéalaí Flann O’Brien. Go dtí seo, is é Shakespeare and taon scríbhneoir atá ann go bhfuil níos mó scríte faoi, ná mar atá ag Joyce.

0 likes (You must login to like)