Siopa leabhar buaite gradam ar líne é Litríocht le speisialtacht i leabhair a gcuirtear i gcló trí mheán na Gaeilge. Ag feidhmiú ar dtús ó Chill Chúile i gCorca Dhuibhne, tá Litríocht lonnaithe anois i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí.

Díríonn ár siopa leabhar ar líne go heisiatach ar leabhair i nGaeilge do pháistí, do dhaoine fásta, do chainteoirí dúchais agus do lucht foghlama na Gaeilge – is cuma más sa bhaile os comhair a gcuid ríomhairí atá siad, nó ag gabháil mórthimpeall go soghluaiste ar a gcuid fón nó a dtaibléid.

An príomhaidhm atá againn ná saibhreas iontach na leabhar Gaeilge a chur ar fáil go forleathan in Éirinn agus ar fud an domhain mhór. Tá sé mar aidhm againn chomh maith cuid de na leabhair seo a choimeád i gcló trí iad a chur ar fáil don mhargadh domhanda níos leithne.

Bunaíodh Litríocht ar dtús sa bhliain 1999, agus tá stair fhada ag an gcomhlacht mar cheannródaí ag tacú leis an nGaeilge. Thosnaigh Litríocht amach le 100 leabhar á soláthar ar shuíomh gréasáin simplí, i bhfad Éireann sular glacadh leis an ríomh-thráchtáil mar ghnáth-chleachtas. Tá catalóg nach mór 6,000 leabhar as Gaeilge anois againn.

Bhí Litríocht ar an gcéad siopa leabhar Gaeilge domhanda – mhórfhoinse bróid dúinn i gceantair Ghaeltachta an Daingin agus Mhúscraí. Bronnadh Gradam Golden Spider don r-thráchtáil ar Litríocht faoi dhó, sa bhliain 2008 agus arís in 2013, agus fuair an comhlacht litir bhuíochais ó Leabharlann Chomhdhála na Stát Aontaithe don obair atá déanta i dtaca le catalógú na leabhar Gaeilge.

Inniu, tá Litríocht ar an siopa leabhar Gaeilge ar líne is mó ar domhan le custaiméirí in os cionn 65 tír. Fáiltímid go mór roimh rannpháirtíocht phobal labhartha na Gaeilge i dtaca le léirmheasanna a sholáthar agus a gcuid tacaíochta a léiriú do Litríocht.

Ár luachanna

Tá Litríocht lonnaithe sa Ghaeltacht, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, agus tá paisean agus grá dáiríre i leith na teanga ag ár bhfoireann agus ag ár mbunaitheoir araon. Creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach an Ghaeilge a chosaint agus fás na teanga a spreagadh. Mar an chéad siopa ar líne do leabhair Ghaeilge, agus an ceann is sine ar ndóigh, tá sé mar aidhm ag Litríocht saibhreas liteartha na Gaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh, agus í a chaomhnú chomh maith céanna.

An sprioc atá againn ná leabhair Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn inrochtana dár líon méadaithe custaiméirí go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Tá custaiméirí againn in os cionn 65 tír. I measc ár gcustaiméirí áirítear daoine aonair, ranna rialtais, an AE, ollscoileanna idirnáisiúnta, agus bunscoileanna agus meánscoileanna mórthimpeall an domhain.

Mar is gnáth, fáiltíonn Litríocht roimh aiseolas na gcustaiméirí agus na gcuairteoirí chuig ár suíomh chun leanúint leis na leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do na hÉireannaigh féin agus gan dabht don phobal Éireannach níos leithne ar fud na cruinne.

 

Barr