Maria Edgeworth

https://www.longfordleader.ie/resizer/750/563/true/1493998624465.jpg--maria_edgeworth_festival_kicks_off_in_edgeworthstown_this_evening.jpg?1493998625000

 

Rugadh Maria Edgeworth i Sasana thart ar 1768, agus d’fhás sí aníos ann le clann a máthair (gan a hathair) go dtí bás a máthair in 1773 agus cúig bhliaina d’aois ag Maria. Ag an am seo, bogadh go Co. Longford í, áit a raibh a athair tar éis ath-phósadh. Cuireadh Maria go scoil cónaithe i Sasana, áit a d’fhoghlaim sí conas léamh agus scríobh, nuair a d’fhill sí r theach a athair in 1782, thug sé ceachtanna di sa dlí, i pbolaitíocht, in eacnamaíocht, i litríocht, in eolaíocht agus i stair na hEorpa. Ní bheadh sé seo mar an ghnáth oideachas a bheadh ag bean ag an am sin.

 

Nuair a d’fhill sí, ba mhór an cabhair a bhí sí le estáit a hathair a bhainistiú (bhí sé tar éis pósadh arís ag an m seo). Bhí sí páirteach anois den mhionuaisle Angla-Éireannach. Bhí sín den tuairm dá cuireadh bainistiú níos fearr agus eolaíocht i bhfeidhm ar shaol na talamhaíochta, go mbeadh feabhas ar na barraí, comh maith le ísliú i bpraghas. Bhí sí féin agus a hathair i bhfábhar ar bhFuascailt na gCaitliceach.

 

Ba mhór an éifeacht a bhí ag a saol in Éirinn ar a cuid scríbhneoireachta. Bhí cuid dá tuairimí conspóideach, ach léirigh sí iad ina cuid litríochta. I Castle Rackrent mar shampla, léirigh sí a thuairimí faoi míbhainistiú a bhí ar siúil ag mórán de na tiarnaí talún in Éirinn. Chreid sí i gcomhionnanas na hoideachas, do bhuachailí agus cailíní, chreid sí comh maith nár cheart do bhean fear a phósadh ach amháin go réitigh siad go maith le chéile, agus mura raibh a leithéid de fear ann, go mb’fhearr léi gan pósadh riamh. Chreid sí comh maith gur cheart go mbeadh níos mó páirt ag mná de chuid an meán aicme, sa pholaitíocht. Ba é cuid de aidhm a cuid scríbhneoireachta ná eolas agus oideachas a thabhairt, laistigh dá húrscéalta.

 

Bhí an-rath ag Edgeworth agus í fós beo. Deirtear gur mhór an tionchar a bhí aici ar scríbhneoireacht úrscéalta na hama sin.