Marina Carr
Drámadóir atá i gceist le Marina Carr. Rugadh i mBaile Átha Cliath í ach d’fhás sí aníos i dTullach Mhór i gCo. Uíbh Fháilí. Bhain sí chéim amach sa Bhéarla agus sa Fealsúnacht agus í ag freastal ar Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Ba dhramadóir í a hathair Hugh Carr, agus ba phríomhoide agus file Gaeilge í a máthair; Máire Eibhlín Breathnach.
Cuireadh a céad dhráma Low in the Dark ar stáitse in 1989, ach is tar éis The Mai a chur ar stáitse i 1994 agus a (bhuaigh an Ghradam don Dráma Nua is fearr in Éireann ag Féile na hAmharclainne BÁC), a tháinig sí chun cinn. Tá a hainm ar sé dhráma dhéag, and cuid is mó dóibh scríte aici féin amháin, agus ceann nó dhó mar pháirt de foilsiúchán ghrúpa (i bhfoilsiúchán , Signatories faoi 1916, bhí Emma Donoghue agus Éilís Ní Dhuibhne mar bheirt de na scríbhneoirí eile ann). Tá cuid dá drámaí stiúirthe aici comh maith. I 1996 bhí sí mar an scríbhneoir ag Amharclann na Mainistreach
Bhuaigh sí duais Windham-Campbell, duais litríochta a bhfuil $165,000 ag baint leis. Tá sí tógtha leis n Tragéide Gréigeach.
Faoi láthair, comh maith lena drámaí tá sí mar léachtóir i DCU. Roimhe seo chaith sí am ag léachtóireacht ag Ollscoil Villanova, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Ollscoil Princeton.
Is iad seo cuid de na drámaí atá scríte aici ná
- Low in the Dark
- On Raftery’s Hill
- Bog of Cats
- The Mai
- Mary Gordon
- Portia Coughlan