Seán O Casey

https://walkcheerfullyblog.files.wordpress.com/2017/03/ocasey.jpg?w=668(Wolfgang Suschitzky)

 

Tá cáil ar Seán Ó Chathasaigh ar dhá cúis; ba é an chéad dramadóir Éireannach go raibh cáil orthu, scríobh faoi lucht oibre Baile Átha Cliath, agus ceaptar gurb é an chéad sóisiallach Éireannach a bhí ann.

 

Ní raibh a chlann mar pháirt de lucht oibre a scríbhneoireachta, ach “patuasal”. Chónaigh a chlann ar Shráid Dorset, go dtí bás a athair, agus i ndiadh go mór a bhog siad ó áit go háit. Níor tógadh le Gaeilge é, ach bhí bá agus suim aige i náisiúnachas na hÉireann agus d’fhoghlaim sé Gaeilge tar éis ballraíocht a ghlacadh i gConradh na Gaeilge. Bhí sé mar an Rúnaí Ghinearálta ar Arm Cathartha na hÉireann, go dtí gur diúltaíodh a mholadh nár cheart go mbeadh ballraíocht dhúbailte ag an ICA agus Óglaigh na hÉireann.

 

An céad dráma de chuid O Casey, a glacadh leis ag Amharclann na Mainistreach ná In the Shadow of a Gunman, i 1923, ansin Juno and the Paycock i 1924 agus The Plough and the Stars i 1926. Níor éirigh comh maith leis an tríú ceann, agus bhí círéibeacha ann mar a bhí tar éís Playboy de chuid Synge Bhí sé i Londain le glacadh le duais HAwthornden, agus feitheoireacht a dhéanamh ar an léiriú de Juno and the Paycock, bhuail sé le bean a bhí le bheith mar a bhean chéile; d’fhan siad i Londain go 1938, agus ansin ar aghaidh leo go Totnes i Devon. Cé gur lean sé air ag scríobh an am seo ar fad, ní raibh rath comh mór sin ag a dhrámaí i ndiaidh, agus a bhí ag an trí a cuireadh ar stáitse ar dtús.

 

Bronnadh céim oinigh air ó Ollscoil Durham, Ollscoil Exeter, agus ó Coláiste na Trionóide BÁC, ach d’eitigh sé iad seo ar fad. D’eitigh sé comh maith OBE.

0 likes (You must login to like)