Jonathan Swift

http://libertiesdublin.ie/wp-content/uploads/2017/02/johnthanswift.jpg

 

Aoir agus aistí polaitíochta ab ea é Jonathan Swift, comh maith le file, cléireach agus faoi deireadh a shaol, Déan Ard-Eaglais Naomh Pádraig. Tar éis a bhreithe i mBaile Átha Cliath i 1667, tógadh é idir Éire agus Sasana. D’fhreastal sé ar dtús ar choláiste Chill Cheannaigh agus i ndiadh ar Ollscoil Átha Cliath (Coláiste na Trionóide). Chaith sé am mar rúnaí pearsanta do William Temple agus mar theagascóir. Bhain sé máistreacht amach in Oxford agus fuair sé post mar shagart de chuid Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma, ní raibh sé sásta ann áfach, agus sar i bhfad d’fhill sé ar Temple go dtí uair a bháis.

 

Níor fhan Swift i Sasana ró-fhada théis bás Temple; bhí naimhde á chothu aige lena scríbhneoireacht polaitíochta. Chuir sé faoi i dTriom, Co. na Mí, ach bheadh sé sall is anall ón Mhí go Sasana go rialta. San am seo d’fhoilsigh sé The Tale of a Tub agus The Battle of the Books. D’éirigh a scríbhneoireacht níos polaitiúil sa tréimhse seo, agus ba mhór a cháin sé na Fuigeanna. Bhí sé ag súil go mbeadh ceapachán eaglaise aige i Shasana, ach ní raibh an Banríon Áine ró-cheannúil air, agus ba é an post is a fearr a d’fhéadfadh a chairde tabhairt do ná Déanacht Ard Eaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath.

 

Chas a chuid scríbhneoireacht i dtaobh cúis na hÉireann,Proposal for Universal Use of Irish Manufacture agus Drapier’s Letters, rud nach raibh an rialtas ró-shásta faoi. Cuireadh i leith go raibh cuid dá foilsiúchán cealgach, ach anois bhí cuma mar tírghráthóir na hÉireann air. Thart ar an am seo, thosaigh sé ag scríobh a mhór-shaothar Camchuairt Gulliver, a foilsíodh ar dtús i 1726, gan ainm ar, agus rath láithreach ar comh maith. Lean a scríbhneoireacht i ndiadh seo, go háirithe A Modest Proposal for Preventing the Children of Poor People in Ireland Being a Burden on Their Parents or Country, and for Making Them Beneficial to the Publick. Fuair Swift bás i mí Dheireadh Fomhair 1745.

 

 

0 likes (You must login to like)