Bram Stoker

https://s3-eu-west-1.amazonaws.com/pigeonhole-assets/attachments/files/000/000/794/large/bram-stoker.png

Tógadh Bram Stoker i gCluain Tarbh, i mBaile Átha Cliath. Ba as Sligeach agus Baile Átha Cliatha a mháthar agus a athar. Thosaigh sé ar scoil ag seacht mbliana d’aois, as go raibh sé breoite roimhe sin., D’fhreastal sé ar Choláiste na Trionóide áit a bhí sé mar Uachtarán ar Sochaí Stairiúil na Coláiste agus ar Sochaí Fealsúnach na hOllscoile. Áit comh maith a dhearscnaigh sé thar a chomscoláirí ó thaobh na haclaíochta de. Dúirt sé féín gur bhain sé céim amach sa Mhata le grád onóracha ach níl stairí ró-chinnte faoi sin.

 

Is é an rud is cáiliúl a scríobh Stoker, gan dabht, ná Dracula, ach ní raibh sé mar scríbhneoir go lánaimsearach agus comh maith le sin, is san amaharcalnnaíocht a bhí a shuim. Thosaigh sé ag scríobh mar chritic amharclainne i nuachtán Átha Cliathach. Chonaic John Henry Irving an review a bhí déanta ag Stoker, de leagan Hamlet a bhí curtha ar stáitse ar amharclann Irving, agus tar éis bualadh le chéile, tháinig cairdeas eatarthu. Tar éis Florence Balcombe a phósadh, bhog Stoker go Londain, le bainistiú a dhéanamh ar Lyceum Theatre de chuid Irving.

 

Tríd an am seo ar fad, bhí giotaí beaga á scríóbh agus á foilsiú ag Stoker. I dtaobh a shaothar is cáiliúla, deirtear gur thosaigh sé á scríobh tar éis bualadh le fear ón Ungáir, a d’inis scéalta dorcha leis faoi na Sléibhte Caparthian, agus i ndiadh seo I ndiadh seo thosaigh Stoker ag caitheamh cuid dá am ag déanamh taighde ar béaloideas oirthear na hEorpa agus vaimpírí.

É sin ráite níl aon nótaí faoin bhfear i lámhscríbhinn nó nótaí Stoker. Deirtear comh maith go mb’fhéidir go raibh tionchar ag codanna de bhéaloideas na hÉireann ar an scéal comh maith.  Cé gur thaisteal Stoker timpeall an domhain de bharr ar a chuid oibre le Irving, níor imigh sé riamh go oirthear na hEorpa. Níorbh é Dracula an t-aon leabhar a scríobh sé áfach. Níor chlaoí sé go daingean leis an téama Ghotach nó téama an uafáis ina chuid scríbhneoireacht, cé go raibh siad ann. I measc a scríbhneoireacht bhí scéinséir polaitíochta, scéinséir románsúil, scéalta románsacha agus eile. Tá an leabhar Dracula aistrithe go teangacha éagsúla, Gaeilge mar cheann do.

 

0 likes (You must login to like)