le Juan Rulfo
Tomás Mac Síomóin
a d’aistrigh
‘Ceann de na luirscéalta is fear a d’eascair as litríochtai na Spáinnise is as an litríocht uilig’— Jorge Luis Borges
‘An scéal is áille dár scrobhadh riamh sa gCaistílis’ — Gabriel García Marquez
‘Not only one of the masterpieces of twentieth-century world literature, but one of the most influential of the century’s books — Susan Sontag
Ceann de mhórchlasaicí litríocht na Spáinnise is ea Pedro Páramo, a scríobh Juan Rulfo i 1955. Fáthscéal sárchumhachtach na beatha daonna féin atá ann, agus téamaí uilocha ina luí faoi screamh neamhghnách an fháthscéil. Sula bhfaigheann sí bas, baineann máthair geallúint as a mac go dtabharfaidh sé cuairt ar a háit dhúchais. Is gearr go bhfaigheann sé amach, áfach, nach neamh ar talamh é an baile seo ach ifreann marbh. Ar nós Cré na Cille seo againne, comhrá na gcorpán is bun leis an scéal, agus léiritear ann na suáilcí is na duáilcí a thiomáineann an duine, brúidiúlacht lucht na cumhachta agus fulaingt na cosmhuintire.
Tá an t-úrscéal aistrithe anseo ag Tomás Mac Síomóin, a bhfuil cúpla braon as tobar liteartha na Spáinnise tugtha do léitheoirí na Gaeilge aige roimhe seo. Bhronn Éigse Cholmcille Duais Uí Dhoibhlin air i gcomhair an aistriúcháin seo.
Reviews
There are no reviews yet.