Gallúnach ar Rópa

5.00

Gallúnach ar Rópa
Collette Nic Aodha
Coiscéim 2003

Timpeall 40 píosa fillíochta soléite

About 40 poems, very readable

Qty

Gallúnach ar Rópa
Collette Nic Aodha
Coiscéim 2003

Timpeall 40 píosa fillíochta soléite

About 40 poems, very readable

Weight .500 kg

1 review for Gallúnach ar Rópa

  1. Garry Bannister

    Cnuasach filíochta fuascailteach eile atá foilsithe ag Colette Nic Aodha. Bíonn an file óg seo ár dtreorú ar ais trí fhréamhacha diamhra shinsear an duine chun solas a pinn a dhíriú ar bhunphrionsabail na beatha daonna mar a bhíonn sé go minic – folaithe i ndoimhne an fho-chomhfheasa choitinn. Tógaimis mar shamplaí den tréith shuntasach seo ina filíocht cúpla dán an leabhar:

    Tobar
    Ba mhian liom suí taobh leat,
    id chomhluadar fuar suaimhneach.
    Tú domhain, diamhair,
    feicim eascann ag snámh ionat.

    Fós is aoibhinn liom d’uiscí.
    Níor bhac me le haon fhógra,
    bhíos díonta ar chuile chontúirt.
    Ba mhinic tú lárnach

    ag searmanas págánach.
    Is tú an seanchreideamh –
    níos sine ná Críost.
    Lig dom ól asat.

    Sa dán beag ‘Tobar’ (lch. 26) tagann smaointe an fhile chugainne i abairtí gearra loma, go rithimeach rialta mar bheimis ag féachaint síos i ndoimhne tobair bheannaithe ar ais go dtí tús an chruthaithe. Bíonn an t-uisce i dtobar mar chuid lárnach dár ndomhan, mar eisint lárnach na beatha féin agus aithníonn Collette Nic Aodha an rún dothuigthe seo sa líne ‘Ba mhinic tú lárnach’. Cuireann sé i gcuimhne dúinn na hoilithrachtaí uile a thriallann de shíor ar thoibreacha beannaithe na tíre. Mar a mhíníonn an Dochtúir Ó Duinn: ‘Bhí an tuiscint ann i gcónaí go ndeachaigh uisce an tobair síos tríd an talamh agus go raibh sé ann ó thús an domhain. Is é an tobar an ceangal idir sinne agus tús an chruthaithe. mar sin nuair a théann muid go dtí tobar beannaithe táimid ag déanamh teagmháil le cruthú na cruinne’ Nuair a deir an file: ‘Lig dom ól asat’, tá sí ag iarraidh ionannú arís leis an sruth uisce bheannaithe a ritheann as bolg na máthar-talún agus a thugann beatha do gach a bhfuil ann. Cé nach bhfuil sin ráite go hoscailte sa dán féin, mothaítear go láidir é idir na línte dea-mhúnlaithe ceardúla seo. Tuigeann an dán beag simplí seo pictiúr cruinn dúinn den fhile a éiríonn ar uaire buartha de chora crua an tsaoil agus a fhilleann ar ais ar fhoinse na cruinne beo; ar thús an chruthaithe féin. Agus nuair ólfaidh Colette uisce ón tobar arís tuigfear di go bhfuil bunús léi, agus mar chách gur chuid dílis de shaol mór na cruinne í.

    An dara dán a roghnóinn as an cnuasach saibhir seo ná:

    ‘Cumann’ (lch. 16)
    súil le súil
    srón le srón
    gnúis le gnúis
    béal le béal
    ceathrú le ceathrú
    géag le géag
    colainn le colainn

    craiceann le craiceann

    droim le droim

    ag siúl ó chéile

    an domhan mór eadrainn

    súil le súil……….

    Sa dán seo cuireann an struchtúr simplí go mór lena héifeacht. Roghnaigh mé ‘Cumann’ mar is maith an eiseamláir é den tsimplíocht mhealltach a fhaightear go minic i ndánta an chnuasaigh seo agus ina cuid dánta i gcoitinne. Is bua go háirithe é sin a bhaineann le ceird an fhile chumasaigh seo.
    ‘súil le súil’ i. feiceann siad a chéile sa seomra plódaithe; ‘srón le srón’ mothaíonn siad boladh a chéile, ‘gnúis le gnúis’ – anois tá siad ar aghaidh a chéile; ‘béal le béal’ i. iad ag caint lena chéile anois… go dtí go bhfuil siad i leaba lena chéile sa líne: ‘craiceann le craiceann’. Ceaptar ag an phointe seo go bhfuiltear chun dul ar aghaidh sa treo céanna ach tá caint dhúbailte faoi cheilt sa líne: ‘droim le droim’ mar cé gur minic a chiallaíonn an abairtín sin ‘ go bhfuiltear ag tabhairt tacaíocht dá chéile’ níorbh fhada sa chás seo go mínítear an líne athbhríoch seo le: ‘ag siúl ó chéile, an domhan mór eadrainn’. Agus má thosaíonn an líne dheireanach mar a thosaíonn an chéad líne sa dán, tuigimid go soiléir ón chomhthéacs go mbíonn an dá chiall ag an líne scoir: ‘súil le súil……’: i. ‘ar aghaidh a chéile’ agus ‘ag súil le dóchas an chéad uair eile…..’

    Níl anseo ach cúpla sampla den fhilíocht iontach acmhainneach atá le fail sa chnuasach seo. Níl aon dabht dar liomsa gur cóir an leabhar ‘Gallúnach-ar-rópa’ (mar aon leis na foilseacháin eile atá amuigh ag an fhile seo) a cheannach duit féin agus mar bhronntanais do do chairde má thaitníonn filíocht fhódúil fháltasach leatsa agus leosan.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top