Bran Agus Sceolán

7,00

Bran Agus Sceolán
Tadhg Mac Dhonnagáin
Kieron Black a mhaisigh
ISBN 9781857917116
An Gúm 2007

Insint nua ar scéal dhá chú cháiliúla Fhinn mhic Chumhaill. Tá idir eachtraíocht, thruamhéala agus spleodar ag baint leis an scéal seo agus éiríonn go seoigh leis an údar aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin, na tréithe sin a chur ag lonrú chugainn tríd an téacs.
Cuireann léaráidí beoga Kieron Black barr maise ar an scéal. Tá an téacs oiriúnach do pháistí atá ábalta go maith ar ábhar a léamh ar a gconlán féin.

A new telling of the story of the two legendary hounds of Fionn mac Cumhaill. A story of adventure,compassion and exuberance confidently told by the well known author, Tadhg Mac Dhonnagáin. Kieron Black’s illustrations capture the energy and spirit of the story. Suitable for independent readers.

Qty

Weight 0,200 kg

1 review for Bran Agus Sceolán

  1. Aodhagán Swords

    Ath-insint ar sheanscéal de chuid na Fianaíochta atá sa leabhar seo agus is ath-insint spleodarach, thaithneamhach fhuinniúil í. Tá thart ar seasca leathnach ann, ocht gcaibidil san iomlán agus an scéal léirithe go gleoite ag pictiúirí greanmhara Kieron Black.
    Tosaíonn an scéal ocht mblian déag sular tháinigh Fionn mac Cumhaill ar an dá choileán íontach, Bran agus Sceolán, a bhí aige. Bíonn ar a mháthair féin, Muireann, é a fhágáil agus teitheadh ón bhfear a mharaigh a fear céile féin.
    Ón tús dorcha gruama seo, leanann an scéal trí greann, uafás, íontas agus fantasaíocht go dtí go bhfaigheann Fionn, atá ina thaoiseach ar na Fianna faoin am seo, an dá chú “ba chliste agus ba mhisniúla ar domhain…”. Tá neart carachtair íontach léirithe, bean dhraíochta éadmhar, fatach a fuadaíonn leanaí óga agus foireann speisialta ón Tuatha Dé Dánann a chuirfeadh éad ar na X-Men!
    Mar ba dhual do dhuine a bhfuil an dá dhlúthdhiosca ‘Blian na nAmhráin’ agus ‘Ceol na Mara’ eisithe aige, is léir go bhfuil grinn tuiscint ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar meon pháistí bunscoile.
    Bheadh seo oiriúnach d’aon pháiste atá compórdach ag léamh Gaeilge leo féin, Rang 3 i nGaelscoil nó b’fhéidir rang 4 nó 5 is scoileanna eile. Tá an Ghaeilge sa leabhar seo sách simplí ach tá saibhreas sa tsimplíocht sin. D’fhéadfadh rang iomlán an-tairbhe a bhaint as seo mar tá sé comh taithneamhach tarraingtach.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top