An Saol i Sladbhaile

7,50

An Saol i Sladbhaile
Mícheál Ó Ruairc
Coiscéim 2008
114 lth.

Úrscéal greannmhar gurb é an greann an tréith is suntaisí sa leabhar seo. Scéal faoi firín beag ag fás suas san Ardchathair. Seo a scéal faoi eachtraí saol na cathrach agus na leanaí a bhfuarthas sa chúlgháirdín i measc na cabáistí.

Qty

An Saol i Sladbhaile
Mícheál Ó Ruairc
Coiscéim 2008
114 lth.

Úrscéal greannmhar gurb é an greann an tréith is suntaisí sa leabhar seo. Scéal faoi firín beag ag fás suas san Ardchathair. Seo a scéal faoi eachtraí saol na cathrach agus na leanaí a bhfuarthas sa chúlgháirdín i measc na cabáistí.

Weight 0,210 kg

1 review for An Saol i Sladbhaile

  1. Garry Bannister

    Murar léigh tú scéalta Uí Ruairc, caithfidh tú an scéal seo a léamh. Níl aon dabht ach tar éis, b’fhéidir, Alan Titley amháin nach bhfuil scríbhneoir ar bith ar dhromchla na hÉireann le peann atá chomh greannmhar, cliste, íolbhristiúil, spraíúil i mbun scríobh na Gaeilge inniu. Cur síos ar shaol duine ó thuaisceart na príomhchathrach ‘sladbhaile’ óna óige ar aghaidh agus chun athfhriotal a dhéanamh ar phríomhphearsa an úrscéilín seo: “nuair a bhí an leabhar léite agam, cheapas go rabhas ar neamh” Tá an charachtracht sa leabhar seo go taibhseach ar fad agus is éasca laochra an scéil a aithint agus a shamhlú duit féin gan ach éisteacht le cúpla focal as a mbéal. Ritheann an teanga chomh líofa nádúrtha ó bhéal na gcarachtar go gcreidfeá gur chaint Ghaeilge í a chloisfeá lá ar bith ar shráideanna chathracha uile na tíre. Sórt Roddy Doyle na Gaeilge atá ann. Tar éis cúpla abairt as an leabhar a léamh, déanann tú dearmad glan gur i dteanga nach labhraítear i bpríomhchathair ar bith é . Níl aon chur i ngéill ná teachtaireacht ardnósach le fáil ar leathanaigh an tsaothair seo ach “bairille gáirí gealgháireacha” ó láimh mháistir an ghrinn. Tabharfaidh an leabhar seo ardú meanman duit agus sásamh mór d’éinne a bhfuil aithne acu ar mhuintir i bpríomhchathair chóngarach áirithe ó chruinne pharailéalach eile.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top