Gonta croí, gonta anama, gonta coirp. Gonta a spreagann gníomhartha díoltais – agus dóchais. Cnuasach de 13 ghearrscéal a thaispeánann gonta mhuintir Bahia, sa Bhrasaíl. Beirt dhéagóir ag surfáil ar dhíon bus, máthair shingil atá ag iarraidh na cailíní i rang a mic a chosaint óna cinniúint féin, rí thionscal na tógála ag impí maithiúnais ar bhochtán gan chosa – níl ansin ach cuid de na Baianos a chasfar ar an léitheoir sa chnuasach seo.
Dar le hAlex, is é Gonta an saothar is duairce dár scríobh sé riamh. “Tá scéalta sa chnuasach a bhaineann siar asam féin gach uair dá léim iad. Díreach ar an gcúis sin, áfach, is é ‘Gonta’ an ceann is gaire do mo chroí den trí leabhar atá scríofa agam go dtí seo. Mothaím uaim na carachtair ar fad; chaith mé go leor leor ama ina gcuideachta agus d’fhoghlaim mé an t-uafás uathu. Mothaím gur thóg mé céim mhór chun tosaigh mar scríbhneoir agus mé ag obair ar an gcnuasach seo, céim nach bhféadfainn a thógáil gan iad.”
Gonta – Wounds. Wounds of the heart, the soul, the body. Wounds that cause acts of revenge – and hope. This collection of short stories speaks of the wounds of the people of Bahia, Brazil. Two slum boys surfing a bus, a single mother trying to protect the girls in her teenage son’s class from her own fate and a big shot developer begging an amputee for forgiveness – these are just some of the Baianos the reader will meet in Gonta.
<–>
<–>
<–>
<–>
<–>
Reviews
There are no reviews yet.