Eoghan Ua Conaill
Coiscéim 2020
ISBN 6660012200146
Lth/Pgs 233
Nuair a bhí an saol ina ghasúr, nuair ba ghannchuid carr, gan trácht ar tharracóir, nuair ba gheall le merc gach morris minor, buailimid le Brian ag tabhairt aghaidh siar ar an mbus ar chúrsa Gaeltachta. Más ait an mac an saol is tréithí ná sin an óige le linn cúrsa mar é agus an braon crua ag imirt sa ghrágán ar na daltaí ann! Cuirfimid aithne sa saothar seo ar langer ón gcathair cois Laoi, Don, stócach ard ceannasach a threoródh scata buachaillí i leith tionscal an uisce bheatha le cúnamh dhiamhracht an tslua sí. Seo tráth a raibh an phiseogaíocht ina sea roimh ré rábach na haibhléise. Eoghan Ua Conaill a chruthaigh, Ciarraíoch gur minic amhras ina shúil agus a theanga ina leathphluc aige.’ (Seosamh Mac Muirí)
Shortstories
Reviews
There are no reviews yet.