Colm Mac Confhaola
Leabhar Breac 2013
ISBN 9-780898-332872
Lth/Pgs 309
Aois Ghrúpa/Agegroup: Déagóirí/Teenagers
Úrscéal do dhéagóirí (óga agus aosta) Tar éis di beirt deirfiúracha óga a chailleadh i ndóiteán tí, dóiteán a tharla mar thoradh ar an ól agus ar na toitíní, téann Rós agus a cuid tuismitheoirí chun cónaithe i dteach nua de chuid na comhairle contae. Sa phobalscoil áitiúil déanann sí cairdeas le Cormac, buachaill meánaicmeach atá ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a chuid claonta féin; agus castar bulaithe uirthi atá gach pioc chomh dona leis na bulaithe a d’fhág sí ina diaidh sa tseanscoil. Fite fuaite i scéal Rós tá scéal an mhúinteora idéalaíoch agus a choimhlint leis an scoil, tá scéal an tsagairt ann atá i gcoimhlint leis an ól, tá scéal na mbulaithe agus na mboicíní áitiúila. Trí na scéalta éasgsúla seo, déanann an t-údar léiriú ar ghnéithe tábhachtacha den tsochaí chomhaimseartha, agus é sin déanta ar bhealach atá soléite, taitneamhach.
A novel for teenagers (young & old) An exciting and frightening story in which the author depicts the wide range of problems that teenagers face today.
Reviews
There are no reviews yet.