Sarah Eile

8,00

Sarah Eile
Diarmuid Johnson a d’aistrigh an saothar seo ón mBreatnais
ISBN 1902420969
Cló Iar-Chonnachta 2005

Scéal faoi chailín óg ag teacht in inmhe mná atá in Sarah Eile. Scéal faoi Sara, cailín nach mian léi scaoileadh le saontacht na hóige. Ní chuirfidh sé greim ina béal. Tá sí i bhfad róthanaí. Agus b’fhearr léi a bheith tinn agus fanacht ón scoil. Ach tá teach saoire ag a muintir i gConamara. Agus is ann atá an samhradh le caitheamh aici. Cuirfidh aer na farraige biseach uirthi, dar lena muintir. Ach, ó chas sí le Gearóid, tá spéis mhór aici i seanscéal a chuirfidh athrú ar a saol: scéal faoi Sarah Eile a d’imigh den saol fadó tar éis troscadh fada.
Tá an bás agus an bheatha fite fuaite ina chéile sa leabhar seo. Agus cur síos lom gan náire ar an dá rud. Ach cé acu atá i ndán do Sara?

Léiriú rí spéisiúil atá sa leabhar seo ar bhean óg a bhfuil galar intinne uirthi. Tá an leabhar oiriúnach do dhéagóirí sinsearacha agus do dhaoine fásta, go háirithe iad siúd atá ag foghlaim na teanga, agus mar áis d’fhoghlaimeoirí tá gluais ag cúl an leabhair.

Sarah Eile (Another Sarah) is a dark novel about a disturbed young teenager, Sara, who is recovering from anorexia. She has spent the year out of school as her parents seek to have her illness diagnosed and treated. It’s decided that Sara should spend the summer in Connemara where the sea air might prove a tonic. There she meets Gearóid, scruffy and intoxicating, and comes to hear the tragic story of a local girl, Sarah, who starved herself to death many years previously. Struggle ensues between the young woman’s desires, and the trauma caused by thoughts of leaving the safe cradle of childhood. Teenage romance, illegal substances and parental disenchantment: a summer of innocence seems set for a macabre denouement.

The book is a fascinating portrayal of a disturbed young woman. There is a glossary of difficult words at the back of the book. It’s suitable for older teenagers and for adults, particularly those learning the language.

Qty

Weight 0,185 kg

1 review for Sarah Eile

  1. patricia jackson

    Sarah Eile
    (léirmheas le P Jackson)

    Thaitin an scéal seo go mór liom-scéal corraitheach faoi chailín drab ainm Sarah. Cailín suaite atá tagtha go dtí pointe cinniúnach ina saol féin agus í ar tí teacht in inmhe mná. Níl sí ag ithe agus dá dheasca sin tugann a mháthair í go dtí Conamara.

    Is ann a mbuaileann sí le Gearóid angus a gcloiseann sí scéal den chéad uair faoin ‘Sarah Eile’ a bhí ina cónaí i gConamara fada ó shin, cailín óg leochaileach a fuair bás nuair a dhiúltaigh sí glan don bhia.

    Sa scéal seo tá an bás agus an bhetha fite fuaite trína chéile go fuinniúil feannaideach. Éiríonn leis an údar spéachadh go géar gonta isteach in intinn bhuartha mná óige agus a beatha rúnda a leiriú go cruinn tuisceanach dúinne. Scrúdaítear an mhoráltacht ar bhealach cliste, beagnach do-bhraite, san urscéal cróga seo. Is leabhar den scoth é a ritheann chun cinn i sruth nádúrtha cumasach na gaeilge. Ní chreidfeá choíche gur aistriúchán ón Bhreatnais é.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top