Na Buachaillí Dána
Leabhair Thaighde
An 96ú hImleabhar
Pádraig De Paor
Cathal Ó Searcaigh
Gabriel Rosenstock
ISBN 0903758598
An Clochomhar Tta 2005
Leabhar critice de chineál úrnua ag Pádraig de Paor ar shaothar na bhfilí móra comhaimseartha: Cathal Ó Searcaigh agus Gabriel Rosenstock. Meabhraíonn teideal an leabhair an cnuasach breá de dhánta paiseanta a chuir an Searcach amach tamall de bhlianta ó shin ‘Na Buachaillí Bána’.
San ollsaothar tábhachtach seo, déantar plé neamheaglach ar cheisteanna íogair na collaíochta mar aon le hanailís fhorleathan ar thionscnaimh ealaíne in oibreacha an dá fhile. Léirmheas réabhlóideach scóipiúil atá sa leabhar seo, dánacht ionraic a chruthaíonn cur chuige cruthaitheach beo bríomhar ina léirítear caighdeán cáilíochtúil nua d’aos critice na Gaeilge.
Helen Oliver –
Padraig de Paor reveals all his greatest imaginative work. I thanks him to be able to show me the intrusive links between tradition and modernity. His radical sight cannot allow me not to see the asphalted road that destroys the beautiful landscape. He really changes my way of looking the world. Thanks a million.
Garry Bannister –
Ní féidir dul i mbun critice ar shaothar Uí Shearcaigh nó Rosenstock gan cur chuige iomlán nua a chur ar fáil lena haghaidh. Ní oirfidh na seanchoinbhinsiúin chritice do dhomhain chruthaíochta na bhfilí ollchumasacha úd agus iadsan ‘ar an téar’ trí chonairí atá doshiúlta fós ag filí eile dá linn.
Rud beo atá i gceist sa sliocht critice, caidreamh siombóiseach idir an téacs agus lucht a léite, ní féidir é a thuiscint gan ‘páirtíocht’ an léitheora féin a bheith ann. Bíonn gach léitheoir ina chomh-údar cruthaitheach ag triall síos bóithre bolcánacha na samhlaíochta liteartha. Ní bhíonn in aon leabhar maith critice ach mapa dá shórt don turasóir fiosrach a thiocfadh ar chamchuairt go cruinne dhochuimsithe an ealaíontóra. Ní gan chúis mar sin gur íomhá de bhóthar i dtreo sléibhte imigéiniúla gorma atá mar chlúdach ar leabhar an Phaoraigh.
Athmhúnlaíonn an Paorach struchtúr, stíl agus foclóir a theanga chun iad a chur in oiriúint don saothar atá idir lámha aige. I dtús an leabhair míníonn sé gur gá dó droim láimhe ar uaire a thabhairt d’fhoirmeacha áirithe caighdeánaithe:
“Os rud é gur de dhlúth theachtaireacht agus théis an leabhair an meán nó an stíl a roghnaím, oireann dom, uaireanta, buntáiste a bhaint as leaganacha canúnacha, agus leaganacha neamhchaighdeánacha d’fhocail d’fhonn pointí áirithe ar leith a dhéanamh.” (lch. 10)
Tugann De Paor anáil na hippies ar an Searcach faoi bhráid an léitheora agus cuardaíonn sé conas mar a chuaigh an feiniméan sóisialta sin i bhfeidhm ar shaothar an fhile óig sna seascaidí. Is amhlaidh go n-aiséiríonn íomhánna amhrán na hippies trí phriosma thraidisiún na hEaglaise Caitlicí dá thír, b’fhéidir, mar a admhaíonn de Paor, le ‘cealg bheag bharrúil íorónta’ mar in ionad ‘bláthanna’ is ‘rosary beads’ a bhíodh i ngruaig na hippies agus iad ar a mbealach go San Fal Carragh:
“Ach tarraingíonn foirceadal na hippies an file, cé gur in ainm is a bheith ag teacht salach ar theagasc críostaí a dhúchais a bhí a gcreideamh sin. Nó b’fhéidir dá bharr sin. Mar Naomh Pádraig gnóiseach, b’fhéidir, cuireann an Searcach roimhe soiscéal na hippies a ghaelú, a insint i dteanga is i dtéarmaí traidisiúnta na nGael.”
(lch.78)
Cuardaíonn saothar an Phaoraigh fréamhacha fhilíocht an nua-aoiseora i miotais na SeanGhréige go han-éifeachtúil sa leabhar seo. Déantar mion-iniúchadh ar aistear Oirféis go dtí an t-íochtardhomhan lena bhean, Eurydice, a tharrtháil. Dar leis an bPaorach feileann an miotas Oirféiseach don tréimhse ‘dheireanach’ den nua-aoiseachas mar don phrionsabal fireann a sheasann ‘cantaireacht Oirféis’ a sháraíonn an prionsabal baineann ‘glór marfach na síréanna’.
“Is col le hOirféas an prionsabal baineann seo. Is é an baineann seo fosta a mharaíonn Oirféas faoi dheireadh nuair a ionsaíonn scata ban é; stróiceann siad géaga a choirp as a chéile…. Caitheann na mná na píosaí stractha de cholainn Oirféis sa abhainn, ach coinníonn a cheann agus a lir orthu ag déanamh ceoil. Tugann sruth na habhann iad chuig oileán Lesbos faoi dheireaidh, oileán a shamhlaítear leis an liric. Tá an neamhbhásmhaireacht, dá bhrí sin, i gceist le glór Oirféis.” (lch. 66)
Amhail uaigh Tutankhamen fógraíonn Rosenstock foláireamh bagrach ar aos critice agus ar lucht scríofa fo-nótaí dá chuid dánta:
“Fógraím mo mhallacht anois agus choíche ar éinne a scríobhfaidh fo-notaí le mo chuid dánta. Fág an téacs mar atá sé. Is iad na diagairí a sdcrios focal Dé. Ta focal Dé agus focal an fhile ró-uilíoch chun go mbeadh sé de shotal ag éinne fo-nótaí míniúcháin a scríobh leis…” (lch. 163)
An ‘foláireamh’ ar leataobh, níl aon dabht ach gur beart cróga dúshlánach é saothar critice ar bith a chur le chéile maidir le file den stádas ollmhór dochuimsithe mar Ghabriel Rosenstock. Ní amháin go bhfuil ilghnéitheacht ghinias dána fhilíocht Rosenstock de shíor ag scréachach in ard a chinn as a shaothair thréamanta úra agus é i dtólamh ag trasnáil teorannacha ama, cultúir agus traidisiúin, ach déantar é le flúirse fhileata, le fairsingeacht ábhair agus le raidhse modhanna glice chun a aidhmeanna ealaíne avant-garde a chur i gcrích – bíonn foinse éigse an fhile seo, gan aon áibhéil, ag cur thar maoil.
Rinne an Paorach éacht anseo, áfach, mar ní aon chriticeoir cloíteach Alum-ba é atá ag iarraidh spiorad saor cruthaitheach shaothair cheardaí bhóihéimigh seo a shrianadh i ngéibheann galánta éigin in onóir do Dhia an Status quo ach treoraí dána eolach é an Paorach a mholann cuardach brí na filíochta inti féin:
“ní hionann sin is a rá nach mbíonn aon bhrí léi, áfach. Ach is í a brí féin í; níl brí na filíochta le fáil taobh amuigh den fhilíocht í féin. San fhilíocht féin atá a luach – ní san airgead, nó san aitheantas a ghnóthaítear léi, nó ní bhforbairt phearsanta ar bith ach oiread, i. ní sa leas a dhéanann sé duit a luach.”
(lch 173)
Tá aitheantas cuí cróga tugtha anseo ag an bPaorach do shaothair Chathal Uí Shearcaigh agus Ghabriel Rosenstock. Fógraítear go neamheaglach sa leabhar lánléargais seo modhanna critice nua-dhealbhaithe ar féidir leo freastal ar éigse agus ar imagallamh ollsaothar ealaíne filí móra ár ré. Soláthraíonn ‘Na Buachaillí Dána’ do léitheoir ar bith atá lán-oscailte, léiriú neamhghéilliúil ar imeacht liteartha dúisitheach úr atá fréamhaithe sna traidisiúin fhilíochta is fearr dár litríocht dúchais.