Gníomhaíochtaí Gasta

34.95

Siobhán Patten
Gaelchultúr 2013
ISBN 97-0-9563614-5-5

Le féachaint ar ábhar samplach ón leabhar, cliceáil anseo

Is éard atá in Gníomhaíochtaí Gasta ná leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3-6 i scoileanna T1 agus T2 araon.

Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta.

Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Cuirfidh sé seo ar chumas an mhúinteora plé le gach aonad mar cheacht iomlán, más mian leis/léi déanamh amhlaidh. Is féidir, dar ndóigh, na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide a úsáid ina n-aonar, mar shúil siar ar ábhar a múineadh cheana féin nó go díreach mar chluichí spraíúla ranga.

An cur chuige cumarsáideach atá i gceist tríd síos sa leabhar agus tá go leor de na feidhmeanna teanga atá leagtha síos sa churaclam Gaeilge le fáil ann. Tá Gaelchultúr ag súil gur acmhainn luachmhar a bheidh in Gníomhaíochtaí Gasta do mhúinteoirí bunscoile agus iad ag iarraidh cabhrú lena ndaltaí líofacht agus cruinneas a bhaint amach sa Ghaeilge agus scileanna cumarsáide a fhorbairt ar shlí spraíúil, idirghníomhach.

Gníomhaíochtaí Gasta (Quick Activities) is aimed at primary school teachers and contains Irish language communication activities. These activities can be photocopied and are suitable for pupils from 3rd to 6th class in both T1 and T2 schools.

There are twenty real communication activities in the book which focus on the ten themes of the Irish language curriculum: Myself, At Home, Food, Shopping, Television, Weather, Pastimes, Clothing, School and Special Occasions.

Comprehensive instructions are given regarding the real communication activities, as well as suggestions for pre-communication and post-communication activities. This will allow the teacher to approach each unit as an entire lesson or to use the real communication activities by themselves, in order to revise material previously taught in class or simply as fun activities.

The communicative approach to teaching is emphasised throughout the book and many of the language functions set out in the Irish language curriculum can be found in it. Gaelchultúr hopes Gníomhaíochtaí Gasta will be a valuable resource for primary school teachers as they endeavour to help their students achieve fluency and accuracy in Irish and develop communication skills in a fun, interactive way.

Qty

Weight 0.500 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Gníomhaíochtaí Gasta”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top