Gleann na Mistéire

7,50

Gleann na Mistéire
Seán Ua Cearnaigh
Coiscéim 2008
80 lth.

With a short foclóirín at back

Scéal eachtraíochta é seo- scéal bróin, eachtraíochta, agus coiriúlacht, ach  scéal faoin gcairdeas agus faoin ngrá chomh maith.
Bainfidh déagóirí an sult go deo as agus iad ag iarraidh mistéir Ghleann chuilinn a réiteach.

A story of adventure, sadness and criminal going’s on, but a story of friendship and love as well

An adventure teenagers will love.

Qty

Gleann na Mistéire
Seán Ua Cearnaigh
Coiscéim 2008
80 lth.

With a short foclóirín at back

Scéal eachtraíochta é seo- scéal bróin, eachtraíochta, agus coiriúlacht, ach  scéal faoin gcairdeas agus faoin ngrá chomh maith.
Bainfidh déagóirí an sult go deo as agus iad ag iarraidh mistéir Ghleann chuilinn a réiteach.

A story of adventure, sadness and criminal going’s on, but a story of friendship and love as well

An adventure teenagers will love.

Weight 0,154 kg

1 review for Gleann na Mistéire

  1. Panu Petteri Höglund

    Scéal dúisitheach atá anseo agus mothúcháin mhóra ag baint leis. I bhfianaise an dóigh a gcaitheann an t-údar lena chuid laochra níl mé cinnte an bhfuil an leabhar seo oiriúnach don chuid is óige de na déagóirí féin. Tá blas áirithe den “deus ex machina” le haithint ar chlabhsúr an scéil, agus níl mé cinnte an raibh sé chomh ciallmhar béim a chur ar chúlra Sasanach na mbithiúnach – beidh naimhde na Gaeilge ag áitiú nach bhfuil i litríocht na Gaeilge ach bolscaireacht in aghaidh na Sasanach, agus iad ag tagairt don leabhar seo mar chruthúnas.

    Maidir leis an teanga, níl sí go dona, ach ar an drochuair, ní raibh an fear eagair in ann an cúpla rud nár fhoghlaim Seán Ua Cearnaigh i gceart riamh a cheartú mar ba chóir: níl ciall aige don tuiseal ghairmeach. Thairis sin, scríobhann sé “anois go bhfuil”, “anois go ndearna” – Béarlachas lom é seo, agus cé go mbíonn sé le feiceáil ag scríbhneoirí Gaeltachta ár linne freisin, is é mo thuairim gur chóir é a sheachaint. B’fhearr “anois, ós rud é go bhfuil”, “anois, ó rinne”, “anois, agus a leithéid seo nó siúd déanta” a bheith ann, dar liom. Tá caighdeán an-ard Gaeilge bainte amach ag Seán Ua Cearnaigh, agus is amhlaidh is measa a chuireann an cúpla gnáthbhotún seo aige isteach orm – d’fhéadfadh eagarthóir maith iad a cheartú, ionas go bhféadfainn an cúigiú réalta a thabhairt don leabhar. (Sa leabhar le Seán a tháinig i gcló ón nGúm, Cill Chais, tá na botúin seo ceartaithe, agus mar sin, tá an leabhar sin thar barr ar fad ó thaobh na teanga de.)

    I ndiaidh dom an cúpla locht a fháil ar an úrscéal seo, áfach, caithfidh mé an leabhar a mholadh freisin. Scéal bleachtaireachta atá ann a gcuirfidh an léitheoir suim ann. Tá imeachtaí an scéil suite i saol an lae inniu. Creidim gur féidir leis an léitheoir óg comhionannú a dhéanamh leis na carachtair. Mar sin, teastaíonn leabhair den chineál seo ó lucht na Gaeilge.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top