Gleann Airbh go Glas Naíon
Seán Mac Maoláin
Oifig an tSoláthair 1969
Is annamh a fhaighimid leabhar dírbheathaisnéise ó Oirthear Uladh, Is móide sin an tsuim a chuirfear sa chuntas seo. Tosaíonn an scéal i nGlinntí Aontrama, áit a raibh pór na nGaeil agus pór na bplandóirí ó Albain i mbéal an dorais ag a chéile. Más ea, bhí Gaeilgeoirí dúchais i measc na nGael ansin i gcónaí.
Ansin go Beal Feirste agus go cúrsaí corraithe na cathrach sin. Léirítear an teannas a bhí ann idir Caitlicigh is Protastúnaigh agus an chéim síos a bhí ar Chaitliceach óg a fhulaingt agus é ag obair ina measc.
Cuirtear síos freisin ar chúrsaí na Gaeilge ó thuaidh ag fear a bhí tógtha suas go hiomlán leis an ngluaiseacht sin, mar bhí Seán Mac Maoláin ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge agus ar Chomhaltas Uladh araon.
Agus tá eolas ann ar Ó Méith ag tús an chéid seo, nuair a bhí an Ghaeilge go measartha láidir ansin go fóill.
Reviews
There are no reviews yet.