Le Micheál Ó Conghaile,
Cló Iar- Chonnacht 2025,
ISBN 9781784442941,
Maireann muid i ré ina bhfuil béim ar an luas is ar an ngontacht agus, dá réir, is cosúil go bhfuil aird agus foighne an duine níos giorra ná riamh agus é nó í ag
tapáil is ag cliceáil as éadan. Ar thóir rud éigin eile… nó an chéad mhír eile…Cá bhfágann sé sin an file is a fhocal mar sin? Cá bhfágann an fhilíocht? Bhí ómós ag an bhfile agus ag an scríbhneoir cruthaitheach riamh don fhocal, don abairt, don chruinneas, don fhírinne. Glactar le focal an fhile.
Níl aon dán sa leabhar seo atá níos faide ná dhá líne dhéag agus tá a bhformhór i bhfad faoina bhun sin. Foilsíodh na dánta seo ar fad cheana i gcnuasaigh de chuid na bhfilí nó i ndíolamaí ar a laghad i gcás dornán filí nár fhoilsigh cnuasach dá gcuid féin.
Dá ghearr gonta é a líon sea is luachmhaire a méid. Bíonn blas ar an mbeagán, a deirtear, agus cé gur dánta gearra iad seo uilig ní beag iad nasmaointe atá á n-iompar acu.
There is no poem in this book that is longer than twelve lines and most are well under that. All of these poems have been published before in collections of the poets or in ditties at least in the case of a handful of poets who have not published a collection of their own.
The shorter and more concise their number, the more valuable their size. It is said that little is more than enough, and although these are all short poems, the thoughts they convey are not small.







Reviews
There are no reviews yet.