Dílseacht

8.00

Dílseacht 
Frainc Ó Murchadha
Coiscéim 2009
240 lth.
Tagann Aindí Ó Maonaigh go Cnoc na Coille chun post a ghlacadh mar mhúinteoir. Is gearr go bhfaigheann sé amach nach mar a síltear a bítear san áit seo, áfach, agus go mbeidh air teacht isteach ar nósanna nach bhfuil taithí aige orthu.
Aindí Ó Maonaigh comes to Cnoc na Coille to take a school teaching job. He soon learns that things are not as they seem here, and that he must get used to new customs.

Qty

Weight 0.385 kg

2 reviews for Dílseacht

  1. Sean O’ Cleirigh

    Do leigh me an leabhar seo ar na mallaibh agus caithfidh me a ra do bhaineas an-sult as. Is sceal shimpli faoi sochai i mbaile iargiulta agus an caidreamh is argoint is cumarsaid le baint eatartha. Nil an scriobhneoireachta ro-chasta agus is maith an rud e sin mar nil mo chuid ghaelainn co-liofa mar ba mhaith liomsa. Ach e sin raite agam ta an ghaelainn go chruinn ar fad. Is brea an leabhar i.

    Sean O Cleirigh

  2. Panu Petteri Höglund

    Scéal é seo a chuirfeadh Maeve Binchy i gcuimhne duit: is iad na téamaí atá á gcardáil ann ná caidreamh na ndaoine agus an chodarsnacht idir an mhuintir isteach agus bunadh na háite. Scéal suimiúil soléite é a cheanglóidh de do chathaoir thú á léamh. Maidir leis an nGaeilge, tá sí beagnach saor ó Bhéarlachas na gcainteoirí neamhdhúchais: is é an locht is mó a gheobhainn uirthi ná go bhfuil lorg an Bhéarla ar úsáid an fhocail “clann”, nuair b’fhearr liom “teaghlach”. Is léir gur fhoghlaim an scríbhneoir a chuid Gaeilge nuair a bhí meas an chaighdeáin ar Ghaeilge na Mumhan, ach bíonn sé idir eatarthu idir an caighdeán oifigiúil agus an chanúint sin go minic. Thairis sin, cuireann sé “agus” idir na haidiachtaí go rómhinic, agus sílim gur Béarlachas atá ann.

    Tríd is tríd, áfach, tá an teanga sách líofa agus sách nádúrtha, agus tá an scéal suimiúil. Mholfainn an leabhar do chara a mbeadh lón spéisiúil léitheoireachta i nGaeilge ag teastáil uaidh.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top