Dar Liom

10.00

Dar Liom
Philip Cummings
Coiscéim 2008

356 lth.

Nuair a ceapadh Philip Cummings ina Eagarthóir Ealaíon ar Lá Nua, dúradh leis go raibh dualgas air colún seachtainiúil a scríobh. Ar an dea-uair don léitheoir, níor dúradh leis cén t-ábhar ar cheart dó scríobh faoi. Is beag ábhar, mar sin, nach bhfuil pléite aige sa leabhar seo ina stíl sholéite, shainiúil féin, idir amaidí ár bpolaiteoirí, chastacht an tsaoil phósta, an dóigh cheart le poipín a chaitheamh agus a choimhlint leanúnach le fir bhainne agus le fir bhruscair. Is beag leabhar, fosta, a chuireann sos leathama fáil don léitheoir, mar atá déanta go fial ag an údar anseo. Tugann an t-údar le fios go raibh seisean greannmhar sa Ghaeilge sular fhoghlaim Des Bishop an teanga, agus tá teist air sin idir na clúdaigh seo.

Philip Cummings was the Art editor of La Nua from 2003 to 2008.  When he was appointed he was told he had to write a weekly column but he wasn’t told what he had to write about. So he wrote just about everything.

Qty

Weight 0.550 kg

1 review for Dar Liom

  1. SEAN OCONNOR

    Litir phearsanta chuig Philip.

    Agus muid ar saoire in Éirinn le linn “Na Trioblóidí” agus mé féin ag cur suime arís i gcúrsaí na tíre, thuaidh agus theas, d’fhiafraigh mé dem dheirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi i nDroichead Átha, cérbh í a barúil faoin a raibh ar siúl ó thuaidh. “Sinne anseo,” ar sí, “ní thuigimid ceachtar den dá thaobh. Iad ar aon as a meabhair.” Agus arsa a céile nach bhfuil thar an ‘cúpla focal’ aige, “No one could understand them. They’re all mad.”
    Agus b’in sin.
    Tá do leabhar ceannaithe agus leite agam, alt in aghaidh an lae agus mé 90% tríd faoi láthair. É molta agam do mo dhaltaí, mo lucht comhfhreagróireachta, mo ghaolta agus m’iardhaltaí: 50 duine san iomlán. Ar cheann de na cúiseanna a bhí leis an moladh sin, gur thug d’aistí léargas domsa, den chéad uair, ar mheon an Tuaisceartaigh Náisiúnaigh. Níor rith sé riamh liom gur bhraith sibh gur ‘tréigeadh’ sibh, ach sin ceacht amháin a bhí á mhúineadh agat. Ach níorbh in an t-aon cúis le mo mholadh. Tá roinnt de na haltanna thar a bheith barrúil agus tá an-chumas grinn agat. Thagair mé do mo chéile faoin moladh sin a bhí agat i dtaobh bróg na n-óg. An-idé, dar léi. Cuireann tú do thuairimí in iúl go neamhbhalbh agus nochtann tú d’anam agus do phearsantacht sa chaoi go measaim go bhfuil cineál aithne agam ort. Súil agam go mbeidh sé d’uain agam lá éigin suí agus pionta nó dhó a chaitheamh siar leat (áit éigin i mbeidh cead agam toitín a chaitheamh agus mé ag ól) agus fadhbanna na tíre is an tsaoil idir camáin againn. Sár jab, Philip.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top