Cúram File:
Clann, Comhluadar, Creideamh
Ciarán Ó Coigligh
F.A.S. 2004
ISBN 0954724801
Fáisceadh dánta an chnuasaigh seo as ócáidí tábhachtacha pearsanta, clainne, comhluadair agus creidimh i saol an údair le dosaen blianta anuas.
€7.00
Cúram File:
Clann, Comhluadar, Creideamh
Ciarán Ó Coigligh
F.A.S. 2004
ISBN 0954724801
Fáisceadh dánta an chnuasaigh seo as ócáidí tábhachtacha pearsanta, clainne, comhluadair agus creidimh i saol an údair le dosaen blianta anuas.
Cúram File:
Clann, Comhluadar, Creideamh
Ciarán Ó Coigligh
F.A.S. 2004
ISBN 0954724801
Fáisceadh dánta an chnuasaigh seo as ócáidí tábhachtacha pearsanta, clainne, comhluadair agus creidimh i saol an údair le dosaen blianta anuas.
Weight | 0.500 kg |
---|
Garry Bannister –
Cúram File: Clann, Comhluadar, Creideamh
Ar na filí nua-aimseartha nach dtugtar aird mar ba chóir dóibh, is ea Ciarán Ó Coigligh. Bíonn réimse fhairsing fhorleathan de théamaí uilíocha ina chuid filíochta i gcoitinne, téamaí atá fréamhaithe sna traidisiúin is fearr de litríocht na Gaeilge agus atá láimhseáilte aige go croíúil cliste agus i gcónaí ar bhealach pearsanta macánta.
Sa leabhrán filíochta is déanaí dá chuid: Cúram File: Clann, Comhluadar, Creideamh, tugann Ó Coigligh cuireadh dúinne nóiméid cheiliúracha as saol a chlainne agus a charad féin a bhlaiseadh leis.
Sular féidir tumadh isteach i linn ealaíne an fhile seo, ní mór don léitheoir glacadh le cúpla bunchloch do-athraithe maidir lena shaothar i gcoitinne. I dtosach báire is Críostaí dochloíte é Ó Coigligh agus dá bhrí sin bíonn caise chuaifeach den chreideamh uileláithreach seo le sonrú i gcónaí ina shaothar agus an dianchreideamh sin ag sní de shíor trí gach gné dá fhilíocht. Sa dara háit, cloíonn Ó Coigligh le traidisiún nua-aimseartha Joyce ina n-airítear tábhacht na heachtra, ní de réir meáchan a brí stairiúla ach de réir méid thuinseamh na heachtra céanna ar an duine féin. Mar sin, ní aon ionadh go bhfeictear anseo cur síos á dhéanamh ag Ó Coigligh ar imeachtaí coitianta laethúla amhail: baisteadh linbh, cuairt charad, lá vailintín, breithlá iníne, pósadh, etc.
Sa chnuasach gearr seo d’fhilíocht Uí Choigligh, cuimsíonn réimsí na ndánta clann, comhluadar agus creideamh mar atá luaite i dteideal an leabhair féin. Feictear tríd síos sa leabhar seo an daonnacht mhór a eascraíonn as eispéireas bheatha an fhile féin agus as a chumas iontach géar agaí beaga dá thaithí phearsanta a léiriú dúinn go gonta éifeachtach trí ghnéithe folaithe foclóra agus trí athbhrí fhriotail théacs na ndánta.
Tógaimis, mar shampla, ‘Dán Baiste’ ina n-athchruthaíonn Ó Coigligh atmaisféar an tséipéil agus sonas neamhghnách ocáid bhaisteadh an linbh le húsáid thíosach d’fhriotal fuinte, le comhréir ghairid ghonta agus le struchtúr liotúirgeach in athrá deasghnáthach gach véarsa den dán. Fiú ar fhíorbheagán focal éiríonn le Ó Coigligh gliondar, dóchas agus cur-thar-maol a ghrá ilghuthaigh agus ilchineálaigh don leanbán, Cóilín Máirtín, a nochtadh dúinne:
Dán Baiste
(do Chóilín Máirtín)
Gaireann muid Colm –
Gaiscíoch na síochána,
na cille.
Gaireann muid Colmán –
ainm is dual
don naíon nach bhfuil mór.
Gaireann muid Cóil –
ainm a bhaistear le teann ceana
in iarthar Éireann.
Gaireann muid Cóilín –
le neart teann ríméid
is grá dár bhféirín.
Sa dán beag simplí seo, éiríonn le Ó Coigligh, atmaisféar na lúcháire thar cuimse a bhaineann le gach gné de pháiste nua-bheirthe a ionannú leis an ainm a roghnaigh a thuismitheoirí dó. I véarsa a haon – Colm – mar ghealltanas den tsíocháin úd a mhothaítear le breith gach linbh nua; Colmán mar shonas an chine dhaonna i gcoileánacht beithe nua ar bith; Cóil – a bheidh ina chomhartha den áit a mbíonn ag gach leanbh mar bhall dá phobal dúchais féin i. ‘le teann ceana in iarthar Éireann’ agus Cóilín ina gcuireann fuaim a fhocail ‘ríméid’ agus éirí croí an fhile ina luí go láidir ar an léitheoir. Ionannaíonn struchtúr simplí an dáin seo deasghnáth laethúil coitianta an chreidimh dhúchasaigh in Éirinn freisin (i. baisteadh linbh) i gcomhthéacs eispéiris phearsanta an fhile agus sa chaoi chéanna bíonn liotúirge na heaglaise le mothú go neart cumasach san athrá simplí i dtús gach véarsa: ‘Gaireann muid..’. Sa tslí seo comhlánaíonn an t-athrá feidhm éifeachtach mar chomhcheangal idir cur i láthair céille an téacs agus cur in iúl eilimintí códaithe an mheititéacs shóisialta (i. an t-eispéireas comhionann cultúrtha i measc lucht léite an dáin).
Is minic a imríonn Ó Coigligh le ciall díreach an fhocail agus é i gcodarsnacht lena chiall chlaochlaithe i gcomhthéacs cainte eile; uaireanta, ar ndóigh, ar son grinn:
Má labhraíonn Mná na hÉireann Gaeilge
beidh an mháthairtheanga in áit an Bhéarla!
(lch. 18)
agus sa dán céanna feicimid mar a mheascann Ó Coigligh go cliste arís foirmlí inaitheanta na liotúirge Críostaí chun éadroime a mheanman mar aon le dáiríre an cheana doimhne atá aige dá mháthair féin a chur in iúl:
In ainm an athar,
an mhic is na hiníne
a mhuirnítear ainm na MÁTHAR.
(Lch. 18)
Bíonn an t-imeartas suimiúil úr seo le tabhairt faoi deara i ngach cúinne den chnuasach nua-fhoilsithe seo. Déanann Ó Coigligh tagairtí folaithe fiú dá eispéireas pearsanta féin sa chéad dán den leabhar seo – Lá Fhéile Vailintín:
Santaítear póg cheana
seachnaítear dubh leanna.
(Lch. 1)
An bhfuil ‘an phóg ghrámhar’ de dhíth ar an fhile? An bhfuil Ó Coigligh ag diúltú anseo don ‘leann dubh’ – foinse an mhí-áidh shaolta dó? Nó an bhfuil Ó Coigligh ag cuimhneamh ar an phóg (i. an grá) a bhí ar iarraidh agus in easnamh air ar feadh blianta fada a óige? Nó an bhfuil sé ag iarraidh bheith ag éalú ón ‘lionn dubhach’ úd a chaitheann scáth gruama ar a shaol fós?
Ar an gcéad amharc, d’fhéadfaí a rá go bhfuil dealramh ar a lán de na dánta sa chnuasach seo nach bhfuil iontu ach bailiúcháin thaitneamhacha d’íomhánna aoibhne i meadarachtaí cliste, ach is léir don té a bhreathnaíonn ar na dánta seo go cúramach an dara nó an tríú huair go bhfuil fréamhacha doimhne le feiceáil ag cuid acu, fréamhacha atá sáite go daingean i dtraidisiún filíochta na Gaeilge agus macallaí láidre ag cuid eile acu atá le cloisteáil go soiléir sna foinsí liteartha is sia siar den scríbhneoireacht Chríostaí san Eoraip. Tógaimis mar shamplaí, macallaí a chloistear ó fhilíocht an Ríordánaigh sa chéad líne den dán: ‘Carghas’:
Gile sheaca ina brat geanmnaí ar bhreacadh síor an lae….
(Lch. 45)
Gile gearrachaille… thit sneachta geanmnaíochta…
(Adlacadh mo Mháthar)
Macallaí de rithimí agus d’fhilíocht Uí Dhíreáin in ‘Cré na mBeo’ – dán a scríobhadh in ómós do Chaitríona Pháidín agus dá comhaisteoirí eile a thóg páirt i ndráma a bunaíodh ar Úrscéal Uí Cadhain ‘Cré na Cille’:
‘Ní bás na lobhadh | ná éag ná dreo
is dán dár gcine | caoin go deo
ó d’fhuin bhur ndámh | as daonnacht seó
a d’adhain i gcill | an dearmaid reo…
(Lch. 13)
Tá cime romham | Tá cime i mo dhiaidh,
Is mé féin ina lár | I mo chine mar chách,
Ó d’fhágamar slán | Ag talamh ag trá,
Gur thit orainn | crann an éigin.
(Ár Ré Dhearóil)
Is mín fíneáilte a dhéantar macallaí agus tagairtí liteartha i ndánta de chuid Uí Choigligh agus ar uaire is ar éigean gur féidir iad a thabhairt faoi deara, go háirithe ar an gcéad léamh, ach má chuirtear aithne níos grinne ar na dánta seo, ní fada go nochtar an pátrún saibhir coimpléascach den ghréasán iltoiseach cumadóireachta úd a bhíonn idir lámha ag an fhile oilte seo.
Is fiú an leabhrán seo a cheannach mar tugann na dánta atá ann spléachadh breá don léitheoir ar charthanacht agus aiséirí anama an fhile chumasaigh seo a bádh i gceol, i ndamhsa, i bhfilíocht agus i ngean thraidisiún dá chine féin:
“Nádúr gach cine gean a thabhairt
is dar brí an leabhair is duitse is dán
ceol is damhsa is chuile shórt.”
(Lch. 47)