Grúpa Luathléitheoireachta an Áisaonaid
An tÁisaonad 2011
Tá 60 leabhar i mBanda 1, idir fhicsean agus neamhfhicsean, a thugann taithí agus cleachtadh don túsléitheoir.
There are 60 books in Band 1, both fiction and non-fiction, to give experience and practice to first time readers.
Na Focail
-
Tá spriocfhocal i ngach leabhar atá léirithe ar chúl. Beidh na spriocfhocail sin le léamh go minic ag an léitheoir. Tógtar ar na focail seo de réir a chéile.
-
Tá focail fuaime ann nuair is féidir. Úsáidtear focail ina bhfuil litir amháin a sheasann d’fhuaim amháin agus atá furasta a dhíchódú. Tá fuaimeanna níos casta m.sh ch, th, mh i mBanda 1(c).
-
Tá focail suime in úsáid i mBanda 1 atá léirithe i gcónaí sna pictiúir. Tá athrá ann chomh maith maidir leis na focail suime seo.
Leagan amach
-
Tá na pictiúir sa chlár seo struchtúrtha. Sna chéad leabhair tá rud soiléir i ngach pictiúr . De réir a chéile cuirtear rudaí eile ann le go mbeidh níos mó ná pictiúrleid le húsaid.
-
Tá pictiúir bhreise sna leabhair a léiríonn scéal agus a spreagfaidh caint . Tá na pictiúir seo mar shíneadh ar an téacs.
-
Cloítear le cló ar leith sa chéad bhanda le go mbeidh an léitheoir cleachta leis an fhoirm scríofa d’fhocail.
-
Tá abairtí ar aon líne i mbanda 1(a) agus 1(b) ach ag dul thar dhá líne i mbanda 1(c).
Pointí Teagaisc
-
Tá frásaí a bheadh ó bhéal ag an léitheoir in úsáid; m.sh. ceist/freagra, is … é, tá …. agam, srl.
-
Tá focail/frásaí a fheiceann agus a fheicfidh an léitheoir go minic agus an sprioc ann go mbeidh sé seo ar a t(h)oil ag an léitheoir.
-
Tá an séimhiú in úsáid i mBanda 1(c) ar bhealach struchtúrtha agus soiléir. (Tá leagan deisceartach de na leabhair seo ann agus urú ann ar an dóigh chéanna).
-
Tá focail bhaininscneacha agus fhirinscneacha sna leabhair ar bhealach struchtúrtha – úsáidtear é/í le cur síos a dhéanamh orthu.
-
Tá treoracha don mhúinteoir agus don tuismitheoir taobh istigh de chlúdach gach leabhair.
Reviews
There are no reviews yet.