“An Snámhaí” has been added to your cart. View cart
Description
Is beag é fáilte Shéamais S Uí Cheallaigh roimh an nóta grod óna eagarthóir ag ordú dó teacht chuig a oifig. Tá sé le cur go Cúba, deirtear leis, chun tuairiscí ar réimeas Castro a scríobh don nuachtán. Ach bhí comhainmneach ann roimhe: James J O’Kelly, a thuairiscigh ar chogadh na saoirse i gCúba i lár an naoú céad déag. Is gearr go mbíonn an dá Cheallach seo ag trasnú a cheile, ag dul isteach is amach i smaointe agus gníomhartha a chéile. Is deacair an teorainn idir Cúba an lae inné agus Cúba an lae inniu a dhéanamh amach, go minic. Is deacair a bheith cinnte, go deimhin, an bhfuil a leithéid de theorainn ann…
Úrscéal eile ón Síomónach a dhiúltaíonn cloí le seanrialacha an chluiche. Insíonn sé scéal atá lán le heachtraí taibhseacha, ó Éirinn go Cúba, ón am a caitheadh go dtí an t am i láthair, ar bhealach spreagúil tarraingteach a dhúisíonn ceisteanna tábhachtacha do-sheachanta faoin saol.
Níl i gCúba ach ceann amháin den iomad tíortha atá siúlta ag Tomás Mac Síomóin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i mBarcelona. Bitheolaí, file, iriseoir, scéalaí, tráchtaire agus tuilleadh is ea é. Is iomaí gradam atá bronnta ar a chuid saothair, agus níos tábhachtaí fós, is iomaí duine a fuair lón machnaimh uaidh.
Be the first to review “Ceallaigh Scéal Ón mBlár Catha – rLeabhar” Cancel reply
Related products
-

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi (Alice through the looking glass) r-Leabhar
€8.54 Add to cart -

Idir dhá Lios r-Leabhar
€3.96 Add to cart -

Nuadha agus Breoghan ar Neamh r-Leabhar
€5.12 Add to cart -

ÚDARÁS NA GAELTACHTA – AN LÁR AGUS AN tIMEALL LÉARGAS EATRAMHACH (IMLEABHAR II)
€8.13 Add to cart
Reviews
There are no reviews yet.