Bóithrín na hAille Báine
Micheál Ó Ráighne
ISBN 1 874700 07 9
Nominated for the 1995 Irish Times Literary Award
Scéal atá ag cur thar maoil le greann agus le bligeardacht áiféiseach. Pléitear ann le bochtaineacht chomh maith le fadhbanna sóisialta eile: dífhostaíocht, ragairne agus leathmhurdar..
A country novel about Conamara people, warts and all. This lively witty book from Micheál Ó Ráighne overflows with droll humour and exaggerated descriptions of local politics, matchmaking, night-roistering, idleness, superstitious practices….
Panu Petteri Höglund –
Úrscéal greannmhar lán aicsean é seo, agus na himeachtaí suite i gConamara. Tá blas an tsobalscéil ar na heachtraí, agus is ar éigean a gheofá oiread is aon leathanach leadránach amháin sa leabhar seo. Agus ar ndóigh tá an Ghaeilge go hiontach ar fad, caint nádúrtha Chúige Chonnacht. Is é an t-aon locht amháin a fuair mé ar an leabhar gur féidir nach é an t-úrscéal an seánra nó an meán liteartha is fearr do scéal chomh gasta, chomh bíogúil seo – bheadh sé níos oiriúnaí don stáitse, nó níos fearr fós, don teilifís mar shobalsraith.