An Seansaighdiúir agus scéalta eile
Séamus Ó Néill
Richard Kennedy a rinne na léaráidí
Oifig an tSoláthair 1979
Eagrán nua de bhailiúchán scéalta beaga tochtmhara Shéamuis Uí Néill atá sa leabhar seo. Sa bhliain 1945 a cuireadh cló orthu an chéad uair. Is mó cor curtha de ag an saol ó shin, fós féin níl duine in Éirinn nach n-aimseoidh gnéithe áirithe dá óige féin sa leabhar seo, teaspach b’fhéidir, nó b’fhéidir scáfaireacht. Faighimid léargas i mbunáite na scéalta seo ar an bhfadhb shíceolaíoch a bhíonn ag an-chuid daoine – go háirithe daoine óga – nuair nach dtugtar an t-aitheantas nó an gean is cuí dóibh.
Ba as Contae an Dúin do Shéamus Ó Néill. Shaothraigh sé a lán réimsí den litríocht chruthaitheach, idir fhilíocht, ghearrscéalta, úrscéalta agus dhrámaí.
A new edition of a collection of short stories by Séamus Ó Néill, first published in 1945. Séamus was from the County Down.
Panu Petteri Höglund –
Is dócha nach litríocht den chéad scoth iad na scéalta seo, ach mar sin féin, thaitin an leabhar seo liom mar áis foghlama nuair a léigh mé an chéad uair í. Is é sin, tá Gaeilge mhaith ann, agus na scéalta soléite go maith. Tá blas Ghaeilge Uladh ar an iomlán, agus uaireanta d’fheicfeá cora cainte aige nach dtuigfeadh lucht labhartha na gcanúintí eile ar aon nós. Ina dhiaidh sin féin, tá an chuid is mó sothuigthe, agus is deacair a dhath a fháil sa leabhar seo nach mbeadh mothú nádúrtha ann – is é sin, más foghlaimeoir a bhí sa scríbhneoir, bhí an teanga go paiteanta aige. Mar sin, más féidir locht éigin a fháil ar an leabhar seo mar litríocht, is ar éigin is féidir locht a fháil ar an nGaeilge atá ann, agus bainfidh na foghlaimeoirí an-leas as na scéalta.