An Druma Mór
Seosamh Mac Grianna
An Gúm
ISBN 1857912845
Is é is ábhar don úrscéal seo achrann a tharla faoi bhanna ceoil – an Druma Mór – i mbaile cladaigh i Rosa Thír Chonaill go luath sa chéad seo. Ba le pobal daoine, i gcomhar le chéile, na gléasraí ceoil, agus roghnaítí na seinnteoirí ar a gcumas gach Féile Pádraig le clú an bhaile a sheasamh sa mhórshiúl bhliantúil.
Thug eagraíocht pholaitiúil iarraidh seilbh a fháil ar an bhanna, mar chomhartha ar a gceannasaíocht féin, agus spreagadh fear uaillmhianach a fáisceadh as cruatan an tsaoil leis na Sons of St Patrick a bhunú leis an Druma Mór a chosaint orthu. Léiríonn Mac Grianna an choimhlint idir filiúntacht agus saoltacht an duine as cúrsaí cointinneacha an bhanna, agus éiríonn leis siombail an dúchais a dhéanamh den Druma Mór.
This tells the story of a band in Rossa, Co. Donegal in the beginning of the 1900s
Reviews
There are no reviews yet.