
Rugadh Pádraic Ó Conaire i dtigh tábhairne i gcathair na Gaillimhe in 1882, ach de thoradh ar bhás a thuismitheoirí agus é fós ina ghasúr, chónaigh sé le gaolta leis i Ros Muc, Conemara. D’imigh sé go Londain i 1899 agus do fhuair sé post leis an Bord Oideachas, thart an am seo thosaigh sé ag déanamh roinnt oibre le Chonradh na Gaeilge ag múineadh na Gaeilge, agus thug sé don scríbhneoireacht comh maith. D’fhoilsíodh a scéalta i nuachtáin “An Claidheamh Soluis” agus i 1906 bhuaigh sé duais liteartha ag an Oireachtas, dá scéal “Nóra Mharcais Bhig”. Ní scéal bog deas é “Nóra Mhárcais Bhig”, faoi chailín a téann ar imirce go Londain, ach titeann sí go dtí’n olachán agus an striapachas. Bíonn an saol duaiseach, greanach seo le feiceáil i leabhar cáiliúil dá chuid faoi shaol an imirceach bacach i Londain; Deoraíocht.
D’fhág sé a chlann i Londain nuair a d’fhill sé ar Éireann i 1914, d’imigh sé i mbun mhúinteoireacht agus scríbhneoireacht. Is mórán de ghearrscéalta a bhí scríte aige , i measc na cinn ba cháiliúla bhí “M’asal Beag Dubh” agus an chnuasach de “Seacht Bua an Éirí Amach”. Foilsíodh “Seacht Bua an Éirí Amach” i 1918, gearrscéalta faoi Éirí Amach na Cásca, de bharr gur i nGaeilge a scrídh, bhí ar Rialtas na Breataine cead a thabhairt don fhoilsiúchán, tar éis an lámhscríbhinn a bheith léite agus aistrithe ag duine de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.
I ndiadh an foilsiúchán seo, lean air leis an scríbhneoireacht ach níor éirigh cé comh maith leis agus a bhí roimhe; ní raibh mórán éileamh ar scríbhneoireacht Gaeilge, ach amháin i bhfoirm téacs leabhair agus ábhar foghlama. Fuair sé bás go hóg ag aois 46, i 1928 in ospidéal Richmond.