Le Brían Mac a’Bhaird
Coiscéim 2022
ISBN 6660012220175
Lth.189
Tugann an cnuasach seo léargas luachmhar neamchoitianta ar shaol na hÉireann ó aimsir an Ghorta Mhóir suas go dtí an lá inniu. Tá idir ghreann agus ghruaim sna fíorscéalta seo, tragóid agus lúcháir. Tá téama na himirce le fáil i gcuid de na scéalta. I gceantar cois teorann, bíonn trácht go minic ar chúrsaí smugailéireachta agus na coimhlinte fosta. Tá muintearas na ndaoine agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol le léamh tríd an iomlán.
Ligfidh Iníon Katie dúinn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus éisteacht le glúinte a chuaigh romhainn. Is doiligh anois Éire a shamhlú gan gutháin chliste ná meáin shóisialta, ach osclóidh na scéalta seo fuinneog ar shaol eile, saol nach bhfuil imithe uainn ach le gairid. Tá nasc tábhachtach anseo idir ré a chuaigh thart agus an t-am i láthair.
This collection provides an invaluable insight into Irish life from the time of the Great Famine to the present day. These true stories are full of humor and gloom, tragedy and joy. The theme of migration is found in some of the stories. In a border area, smuggling and conflict are also frequently mentioned. The belonging of the people as they face life is to be read through the whole.
Miss Katie will let us go back in time and listen to previous generations. It’s hard to imagine Ireland without smartphones and social media, but these stories will open a window on another world that has only recently passed away. There is an important link here between the past and the present.







Reviews
There are no reviews yet.