An tSlaivéin

13,95

Panu Petteri Hoglund
Evertype 2013
ISBN 9-781782-010432
Lth/Pgs 211

Úrscéilín é seo a chaitheas súil ar an tSlaivéin, tír bheag shamhailteach in Oirthear na hEorpa. Chonaic muintir na tíre seo an tUileloscadh agus an Stailíneachas, ach níor briseadh a meanma ná a misneach faoi bhrú na staire gránna seo féin. Anois, áfach, gheal lá na saoirse agus d’imigh scáil an tSóivéadachais, ach tháinig géarchéim nua ag bagairt ar an tír ón taobh istigh. Fear óg íogair é Adam Jokamies a tháinig i gcrann i gCríoch Lochlann, beag beann ar an gcineál cruatan a ndeachaigh muintir na Slaivéine tríd. D’fhág an tSlaivéin faoi dhraíocht é, áfach, agus é ag tabhairt aghaidhe ar an tír anois le teanga na tíre a fhoghlaim.

Tá an t-úrscéal seo ag cur thar maoil le cultúr agus le cuimhní cinn Oirthear na hEorpa, rud is annamh a d’fheicfeá i litríocht na Gaeilge. Ach is scéal grá é chomh maith, agus é ar na cinn is earótai sa teanga.
“Scéal fíorspéisiúil dea-scríofa atá sa leabhar seo. Ina theannta sin tá an-saibhreas cainte ann, rud nach féidir a rá faoi gach úrscéal Gaeilge a foilsíodh le gairid.” -Nicholas Williams

Is Fionlannach Panu Petteri Höglund, a rinne staidéar ar na teangacha Slavacha in Åbo Akademi .i. Ollscoil Sualainnise na Fionlainne. Bhí líofacht aige sa Pholainnis sular fhoghlaim sé a chéad fhocal Gaeilge riamh. Tá trí leabhar eile Gaeilge foilsithe aige: Sciorrfhocail (2009), An Leabhar Nimhe (2012) agus An Leabhar Craicinn (2013). Tá a inniúlacht mar scríbh­neoir le sonrú ar an leabhar deireanach seo uaidh.

This novel is set in Slavenia, a small imaginary country in Eastern Europe. Although its inhabitants experienced both the Holocaust and Stalinism, their spirit and courage remained unbroken. Slavenia is now a free and independent country, but a new internal crisis seems to threaten the fledgling democracy. The hero, Adam Jokamies, a sensitive young man from Scandinavia, is unaware of the great hardship the Slavenians have suffered in the recent past. He is nonetheless so entranced by Slavenia and its distinctive character, that he has come to the country to learn its language. Unusually for Irish literature, the culture of Eastern Europe and the history of the region are everywhere in this book. The novella is also, however, a love story and indeed one of the most erotic tales ever written in modern Irish.

Méid

Weight 0,300 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “An tSlaivéin”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr