Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill (Bog)
€10.00
Description
Caitlín Nic Niallais
Éabhlóid 2021
ISBN 9781916047075
Lth/Pgs 236
Bailiúchán scéalta béaloidis a d’aithris an seanchaí Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais.
Ba scothscéalaí agus seanchaí é Micí Sheáin Néill Ó Baoill a mhair i Rann na Feirste sa chéad seo caite. Thiocfadh scoláirí agus bailitheoirí béaloidis ó gach cearn le héisteacht lena shruth binn cainte ag aithris scéalta a tháinig anuas chuige thar na glúnta. Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na scéalta draíochta a d’inis Micí Sheáin Néill agus nach bhfuil ann ach an aon insint amháin daofa scríofa síos sa bhailiúchán atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. Tá ocht gcinn déag de scéalta draíochta ina n-iomláine anseo, scéalta samhlaíocha a mbíonn daoine ag eitilt tríd an spéir iontu, ina gcastar le fathaigh agus le beithígh neamhshaolta agus ina dtagann laochra ar ais ón bhás. Tá siad scríofa anseo díreach mar a d’inis Micí iad sa dóigh is go mbeidh glúnta eile de léitheoirí agus d’éisteoirí ábalta sult a bhaint as an tsaibhreas atá fite go dlúth iontu.
Stories told by renowned storyteller Micí Sheáin Néill Ó Baoill, edited by Caitlín Nic Niallais
Additional information
| Weight | 0.260 kg |
|---|
Related products
-

Tiompán Tráthnóna
€7.50 Cuir sa Chairt -

Scríbhinní Seán Tóibín (1882 – 1971)
€10.00 Cuir sa Chairt -

Tír Eile
€8.00 Cuir sa Chairt -

Trí Scéal
€10.00 Cuir sa Chairt -

Rabharta agus Mallmhuir i mBéal Feiriste
€8.00 Cuir sa Chairt -

Bliain Úr Faoi Mhaise Dhuit A Mhamaí/Happy New Year, Mammy
€6.00 Cuir sa Chairt
Reviews
There are no reviews yet.