Máire Nic Artáin

8.00

Máire Nic Artáin
Séamus Ó Néill

ISBN: 1874700931
Cló Iar-Chonnachta 2004
167 lth.

Scéal grá i lár choimhlintí móra an tsaoil. Fadhbanna na Sé Chontae á ríomh i sárúrscéal atá suite sa tréimhse díreach roimh chríochdheighilt na hÉireann – díshealbhú, Caitlicigh vs Protastúnaigh, an grá, pósadh measctha, iarracht duine aonair a bheith ina dhroichead idir an dá thaobh, an dá chreideamh, an dá chúlra polaitiúil, le héalú ón uaigneas nach raibh éalú uaidh . . . Dhá chogadh ar siúl i saol na hÉireann agus Shasana . . . Cogadh uaigneach cráite eile i gcroí cailín óig i lár an tsaoil chrua seo nach raibh aon taobh sásta orlach a ligean leis an taobh eile . . . Plus ça change . . .
A sensitive and realistic novel set in the troubled North of Ireland during the first World War. Explores the challenging and intricate lives of a young Protestant boy and Catholic girl who grow up together, marry against the will of family and friends and suffer the consequences of their actions in a harsh world not yet ready for change.

Qty

Weight 0.185 kg

1 review for Máire Nic Artáin

  1. Panu Petteri Höglund

    Tá mé den bharúil gur rud maith ar fad é an leabhar seo a bheith á léamh agus á staidéar ag na daltaí scoile in Éirinn inniu. Cé nach raibh an scríbhneoir ina chainteoir dúchais, tá ciall mhaith aige don teanga, sa leabhar seo ar a laghad. Cé gur léir go ndearna an fear eagair a dhicheall an teanga a chur in oiriúint do chaighdeán ár linne, tá blas Ghaeilge Uladh ar an stíl, agus in áiteanna is féidir go gcuireann sé isteach ar an léitheoir nach bhfuil eolach ar an gcanúint. Thairis sin, chuaigh téarmaí áirithe as úsáid idir an dá linn, ach is dócha nach mbeifeá ag súil lena mhalairt. Bhainfeadh an scéal féin deoir as cloch, agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an leabhar maitheas mór do chumas Gaeilge an léitheora ina ainneoin féin.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top