De Réir Uimhreacha
Pádraig Ua Maoileoin
Muintir an Dúna 1969
Cé gur ghnóthaigh an leabhar seo duais Oireachtais mar úrscéal, ní mhaífeadh an t-údar féin gur úrscéal atá ann. Is í an cheist a chuir sé roimhe a phlé cad é a mhúnlaíonn Garda, agus cén sórt muilinn a dtéann sé tríd lena bheith oiriúnach chun seasamh mar sciath chosanta os comhair an phobail. Cén claochló coirp agus aigne a dhéantar sa mhuileann air ó bheith ina ‘rúcach dearg ó íochtar tíre’ go dtína bheith ina shampla leathshagartúil don phobal céanna? Chuaigh an t-údar tríd an muileann meilte seo é féin, agus déanann sé scrúdú fuarchúiseach idir mhagadh agus dháiríre ar a chuid oibriúchán sa leabhar seo.
A story which won an Oireachtas Award is based on the training in a Garda Training College, which the author himself completed.
Reviews
There are no reviews yet.