Ar an Taifead fís, fuaim, focal

20,00

Ar an Taifead – fís, fuaim, focal  Eagrán Nua 2012
Breandán Delap
ISBN: 9781907494260
Cois Life 2012

An nuacht, na meáin, gairm agus saothar an iriseora faoin spotsholas anseo. Teilifís, raidió agus na meáin chlóite, na príomhimreoirí agus a gcuid spriocanna. An reachtaíocht agus an comhthéacs eiticiúil ina bhfeidhmíonn siad. Rólanna gairmiúla agus tascanna oibre léirithe go beacht anseo agus treoir chuimsitheach tugtha den chéad uair ar earnáil na meán Gaeilge. Beidh tóir ag réimse leathan léitheoirí ar an saothar seo agus go háirithe lucht staidéar na meán féin.

The Irish language media – all you need to know about TG4, Raidió na Gaeltachta and other print and broadcast media in the language. The role of the news journalist, the organisational relationships, and the regulatory framework in which they function are examined here, interspersed with pithy comments from experienced practitioners. The first comprehensive guide to this vibrant sector, and of particular relevance to students and journalists in their early career

Qty

Weight 0,700 kg

1 review for Ar an Taifead fís, fuaim, focal

  1. Maitiú Ó Coimín

    Ba mhór an trua do Bhreandán Delap gur foilsíodh a leabhar, Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal sa bhliain 2007. Deireadh ré amháin agus tús ré eile a bhí sa bhliain sin – cuireadh tús ceart le Twitter, Facebook agus na meáin shóisialta eile sna blianta beaga roimhe agus tháinig athrú mór ar na meáin traidisiúnta le dúnadh Foinse, neamhspleáchas TG4, agus bunú Gaelscéal sna blianta beaga ina dhiaidh. Mar sin bhí gá ollmhór le hathbhreithniú ar leabhar Delap.

    Ar ndóigh, tá cáil ar Delap mar eagarthóir ar Foinse mar a bhí, sular agus dáileadh leis an Irish Independent é. Mar sin, tá dearcadh ar leith aige ar na meáin Ghaeilge nach mbeadh ag duine ar bith eile. Seasann sé seo dó sa leabhar seo ach, é sin ráite, ciallaíonn sé go bhfuil drogall air daoine agus eile a cháineadh. Déantar go leor plámáis sa leabhar ar lucht na meán Gaeilge agus uaireanta mhothaigh mé go raibh claonadh ar leith i dtreo daoine nó tuairimí áirithe. Locht beag ab ea seo, áfach, agus ní bhaineann sé ó fhiúntas an leabhair mar áis staire, fhoghlama agus tagartha d’iriseoirí, d’eagarthóirí agus dóibh siúd le suim sna meáin.

    Tugtar stair chuimsitheach ar na meáin Ghaeilge ó d’fhógair JJ Walsh go gcuirfear seirbhís ar fáil do mhuintir na Gaeltachta sa bhliain 1926 go bunú Gaelscéal agus seoladh suíomh idirlín TG4 sa lá atá inniu ann. Tá cuma na maitheasa ar leagan amach an leabhair, le caibidil aonair tugtha do na meáin chlóite, chraolta agus idirlín, agus is éasca an rud atá uait a aimsiú gan mórán stró. Is mór na buntáistí iad na painéil ina bpléitear ábhar na caibidle le beirt nó triúir a bhíonn ag obair san earnáil sin.

    Is iontach an áis iad caibidlí 7, 8 agus 9 – a chuireann síos ar dhea-chleachtadh iriseoireachta os comhair na cúirte agus ó thaobh leabhail agus na heitice de – d’iriseoirí idir óg agus aosta. Sna caibidlí seo, leagtar síos treoracha agus moltaí do chásanna éagsúla, le neart samplaí reatha, i bhfriotal intuigthe agus ag seachaint an bhéarlagair a fhaide agus is féidir. Ba cheart go mbeadh an leabhar seo ar sheilfeanna chuile eagarthóir agus iriseoir sa tír fiú mura léitear ach na céad leathanach seo.

    Ar chúl an leabhair, pléitear ‘na meáin úra’ – ‘sé sin le rá: blaganna, podchraoltaí, Twitter agus araile – agus is léir nach bhfuil mórán muiníne ag Delap astu. Tá saol na hiriseoireachta scoilte ina dhá chuid ó thaobh na ceiste seo: ‘Na meáin úra agus todhchaí na meán traidisiúnta’ agus is duine den seandream é Delap. Cuirtear cás na meán traidisiúnta agus a ndúshlán i ré nua an Idirlín os ár gcomhair agus tugtar cothrom na féinne do cheisteanna na meán úra, iriseoireacht saoránach agus na buntáistí agus míbhuntáistí a ghabhann leo. Is dócha go bhfuil sé róluath le léirmheas cruinn a scríobh ar an ábhar seo agus is maith an scéalaí an aimsir – ach b’fhéidir go mbeidh gá le hathbhreithniú eile ar an leabhar seo i gceann cúpla bliain.

    Molaim an leabhar seo do mhic léinn iriseoireachta, iriseoirí agus duine ar bith le suim acu i stair agus todhchaí na meán Gaeilge.

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top