An Té a Bhíonn ag Gáire

18.00

Description

Le Louis de Paor,

Cló Iar -Chonnacht 2025,

ISBN 9781784442842,

Sula raibh trácht ar Myles na gCopaleen nó Flann O’Brien, bhí Brian Ó Nualláin (1911-66) ann, fear óg a tógadh le Gaeilge, a rinne staidéar ar an nGaielge dá chéim agus a bhain céim MA amach sa tSean Ghaeilge. Ar ndóigh, ní haon scéal nua é do lucht na Gaeilge a lárnaí is a bhí an teanga agus saíocht na teanga i saothair mar An Béal Bocht (1941) agus an iliomad tagairtí dá litríocht ina cholún san Irish Times, ‘Cruiskeen Lawn’- go deimhin is i nGaeilge a scríobhtaí an colún céanna i dtús ama. Is é atá mhaíomh sa saothar seo a lárnaí is a bhí eispéaras na Gaeilge sna húscéalta sin a bhain cáil dhomhanda a,ach dó, mar atá, At Swim-Two Birds (1939) agus The Third Policeman (1967), úrscéalta a bhféachtar anois orthu mar shár-eiseamláirí de chuid an úrscéal nua-aoisigh. Go deimhin, is féidir a áiteamh go bhfuil cló na Gaielge chomh láidir sin ar shamhlaíocht chrosta dhátheangach Bhrian Uí Nualláin gur geall le scríobhneoir Gaielge é fiú agusé ag scríobh as Béarla.

Additional information

Weight 0.505 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “An Té a Bhíonn ag Gáire”

An Té a Bhíonn ag Gáire
18.00