Hot

An Dias is Troime a Chromas

20.00

Le Éilis Ní Dhuibhne, Lillis ó Laoire & Ríonach uí Ógáin,

ISBN 9781784442859,

Aistí in Ómos do Phádraig Ó Héalaí.

Sa chnuasach seo cuireann dhá údar is fiche éagsúlacht scolártha i láthair. Tugadh na haistí le chéile mar aitheantas do Phádraig Ó Héalaí, béaloideasóir, agus dá shaothar éachtach léinn. Chuaigh Pádraig i ngleic le hiliomad gnéithe den bhéaloideas, den litríocht agus den teanga in imeacht leathchéad bliain. Dá réir sin, déantar cíoradh anseo ar réimse leathan ábhar, ina measc, an creideamh pobail, an scéalaíocht, banscéalaithe Chorca Dhuibhne, an naomhsheanchas agus an réaltóireacht. Tá anseo, leis, beochaoineadh a rinne bean óg don fhear nár phós sí, caointe éagsúla eile ar Bhrianaigh an Chláir, chomh maith le heolas nua ar Eachtra Mhac na Michombairle. Pléitear an obair pháirce sa bhéaloideas freisin mar aon le gné na teanga den seanchas agus an bhéim a leag idir bhailitheoiri agus seanchaithe uirthi. Bolg soláthair é an leabhar gan bhréig gan áibhéil a chuirfidh lón saibhir machnaimh ar fáil dá chuid léitheoirí.

Qty

Weight .720 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “An Dias is Troime a Chromas”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top