Focail i bhfócas

25.00

Focail i bhfócas Stórchiste Dátheangach.
Bilingual Thesaurus.
Seán Mac Cionnaith.
Coiscéim 2005

Bi-Lingual

Tá corn na bhfuíoll d’aiseanna tagartha ar fáil ag cainteoirí na dteangacha forleathana chun cuidiú leo úsáid phearsanta a dteanga féin a chinntiú, a cheartú, a fheabhsú, a fhorbairt, a leathnú agus a shaibhriú dóibh féin. Ar an drochuair, diomaite de bhuntéacsanna foghlama, tá ganntanas níos mó ann ó thaobh na gcineálacha seo áiseanna de le cuidiú le daoine in úsáid na Gaeilge. Is iarracht bheag an stórchiste seo tús a chur le líonadh ceann amháin de na bearnaí seo.

A cornucopia of reference aids exists for speakers of the widely spoken languages to assist them to clarify, correct, improve, develop, extend and enrich their personal usage of their own language. Unfortunately, apart from basic learning texts, these kinds of aids to assist in the use of Irish are less plentiful. This thesaurus is some small effort towards filling one of these gaps.

Qty

Weight 1.0 kg

1 review for Focail i bhfócas

  1. Seán OConnor (verified owner)

    Ar na leabhair ar bhain mé an-leas astu agus mé ag iarraidh
    mo chuid Gaeilge leath-dhearmadta a thabhairt chun solais arís bhí Foclóirí
    Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus Dinneen. Ina dteannta siúd bhí an “New
    Irish Grammar” leis na Bráithre Críostaí, “Leabhar Gramadaí Gaeilge” le
    Nollaig Mac Congáil, “Díolaim d’Abairtí Dúchasacha” le Maolmhaodhóg Ó Ruairc
    agus “Gaoth an Fhocail” le Breandán Ó Doibhlin.

    Cé go bhfuil “Gaoth na Fhocail”, ar Foclóir Analógach é,
    thar a bheith áisiúil, is ar an duine a bhfuil greim mhaith ar an teanga atá
    sé dírithe. Mór an trua mar sin nach raibh an leabhar seo, Focail i bhFócas
    ar fáil agus mé ag streachailt leis an teanga. Seo leabhar a mbeidh idir
    thosaitheoirí agus chainteoirí líofa araon sa tóir air. “Stórchiste
    Dátheangach” mar fhotheideal ar an leabhar agus ní maíomh gan bhunús an cur
    síos sin. Is féidir focail a lorg faoi chroífhocal Gaeilge nó Béarla.
    Tógaimis sampla nó dhó.

    BRÓNACH SAD

    Míshona (unhappy):
    brónach, buartha, míshásta (unhappy)
    trí chéile, suaite* (upset)
    múisiamach*, (upset, irritated, perturbed)
    imníoch, (anxious, concerned)
    cráite, (miserable)
    domheanmnach*, cianúil*, atuirseach* (depressed)

    Úsáidtear trí chlódhath (glas = bunleibhéal; gorm =
    meánleibhéal agus dubh = ardleibhéal) chun leibhéal deacrachta focal a
    léiriú. I gcás BRÓNACH thuas tá na focail a bhfuil réiltín orthu sa chló
    dubh.

    Féachaimis anois ar an bhfocal TORMÁN NOISE

    Tá sé leathanach d’fhocail againn faoi na ceannteidil seo a
    leanas.

    Noise, Quiet Sounds, Human Sounds, Body Sounds, Loud
    Sounds, Watery Sounds, Animal Sounds, Mechanical/Material Sounds.

    Is ardmháistir ar Ghaelscoil Cholmchille i nDoire é an
    t-údar agus má tá gearán beag amháin agam faoin a bhfuil aige sa leabhar
    seo, sé go bhfuil claonadh chun an Ultachais le braith ó am go chéile.
    Téigí agus ceannaigh cóip. Is fiú a thrí oiread Euro 15 é.

    Léirmheas le Seán O’Connor

Add a review

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Top