(Wikicommons)
Bhí Oscar Wilde mar pháirt den seit Angla-Éireannach i mBaile Atha Cliath I lár an 18ú céad.
Cuireadh a chuid oideachas ar sa bhaile go dtí go raibh naoi mbliana d’aois aige, agus i ndiadh sin cuireadh chun Portora Royal School i bhFearmanach é. Fuair sé scoláireacht do Choláiste na Trionóide áit a rinne sé staidéar ar na clasaicí agus i ndiadh sin, bhog sé ar aghaidh go Coláiste Magdalen ag Ollscoil Oxford. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath ach níor fhan sé i bhfad ann; bhí díomá air go raibh ainnir a hóige Florence Balcombe chun Bram Stoker a phósadh.
D’fill sé ar Shasana agus thosaigh air ag léachtóireacht in Oxford, agus ansin ar aghaidh go Meiriceá agus Páras. Bhí sé ina iriseoir nuair a d’fhill sé ar Londain ar deireadh; trína deisbhéalaí agus a thráthúlacht, bhí aithne maith air agus air a phearsa. Scríobh sé roinnt mhaith drámaí, cuid dóibh nach raibh cead acu iad a chur ar stáitse sa Bhreatain, as go raibh cosc ar drámú a dhéanamh ar lucht an Bhíobla ann. Tháinig cáil air comh maith, as dhá cás cúirte. Ar an gcéad ceann, bhí sé ag dul i gcoinne An Marcas Queensbury, athair a lánúin, agus á cuireadh chun chúirt faoi leabhal. De thoradh ar roinnt fianaise a scaoileadh sa thriail sin, gabháladh Wilde agus cuireadh chun cúirte é faoi oll-mhígheanas. Fuaireadh cionntach é agus chaith sé dhá bhliain sa phríosún. Nuair a scaoileadh amach é, d’éalaigh sé go Páras, áit a scríobh sé a shaothar deirneach The Ballad of Reading Jail. Dúradh ar feadh tamaill gurbh iad na focail deirneach a bhí aige ná “This wallpaper is terrible – one of us will have to go!” .
Is mór na saothar a shaothraigh sé; filíocht, drámaí, leabhair, aistí agus ailt. I measc a dhrámaí bhí Salome, The Importance of Being Earnest, An Ideal Husband, The Duchess of Padua. I measc a leabhair agus gearrscéalta bhí The Picture of Dorian Grey, A House of Pomegranates, The Canterville Ghost, The Happy Prince, The Selfish Giant (tá an dhá leabhair deirneach áirithe sin, aistrithe go Gaeilge)