Liam Ó Muirthile

https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/Liam-%C3%93-Muirthile-S%C3%93M11.jpg

An droichead crochta
a bhainimis amach
chun é a chroitheadh
le spleodar óige amháin.

Samhail gan meirg gan mairg
idir bruacha dhá theanga
ag croitheadh i mbun dáin :
Droichead Uí Ríordáin.

 

Sin é an dán tosach de chuid cnuasach Ó Muirthile An Fuíoll Feá- Rogha Dánta, agus é ag labhairt ar droichead ina chathair féin. Rugadh agus tógadh i gcathair Chorcaí é, agus i ndiadh sin d’fhreastal sé ar Coláist Ollscoil Corcaí, ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. Ní raibh sé ina aonar mar scríbhneoir Gaeilge ann; bhí Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock agus Micahel Davitt ar fad mar chomhscolairí aige; le chéile chuireadar foilsiúchán flíochta le chéile; Innti. Fad is a bhí sé ag fás aníos, tugadh sé cuairteanna ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, in iarthar Ciarraí.

 

Comh mór le mórán scríbhneoirí Gaeilge eile, chaith sé tréimhse ag oibriú le RTÉ, mar bhall foirne ar an foireann nuachta. D’fhág sé an chraoltóir náisiúnta ach lean sé leis an iriseoireacht agus é ag díriú ar an an scríbhneoireacht cruthaitheach. Ní hé sin le rá nach raibh sé i mbun scríbhneoireachta roimhe seo. D’fhoilsíodh a chéad cnuasach filíochta in 1984 agus ó shin go dtí a bhás i mí Bealtaine 2018 foilsíodh cnuasacha dánta, ailt, drámaí agus úscéalta. Ba scríbhneoir, iriseoir, scéalaí den scoth é. Tá cuid dá shoathar aistrithe ó Ghaeilge go mórán teangacha eile.

 

Cuid dá shaothar ná

  • Tine Cnámh
  • Dánta Déanta
  • An Peann Coitianta
  • Ar Bhruach na Laoi
  • Oilithreach Pinn
  • Sister Elizabeth ag eitlilt
  • Fear an Tae
  • Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas
0 likes (You must login to like)