George Bernard Shaw

https://www.biography.com/.image/t_share/MTE4MDAzNDEwNjg3MDAyMTI2/george-bernard-shaw-9480925-1-402.jpg

 

 

Éireannach ab ea é Bernard Shaw, a rugadh i bPortebello Baile Átha Cliath in 1856. Cé go rinne sé mórán léitheoireacht agus é ina pháiste, bhí gráin aige ar an gcóras oideachas

Bhog sé go Londain ag fiche bliain d’aois (níor chónaigh sé in Éirinn riamh arís agus thóg sé beagnach triocha bliain air filleadh ar chuairt), ag an am seo, ní raibh sé ag smaoineamh ar an scríbhneoireacht nó an drámadóireacht mar ghairm bheatha. Cé go raibh sé ag streachailt ar dtús, de réir a chéile d’éirigh go maith leis. Faoi lár na 1880idí, bhí meas air mar chritic cheoil agus amahrchlainne.

 

D’fhoilsigh Shaw dhá úrscéal i lár na 1880idí ach ní raibh rath ar ceachtar acu. Thosaigh a rath poiblí leis an ndráma Arms and the Man i i 1894.  Díreach i ndiadh seo níor lean an rath, ní raibh clú daingean ar mar dhrámadóir, go dtí tosach an 20ú céad. Le linn na hama seo ar fad, thosaigh a shuim san eacnamaíocht agus san polaitaíocht, an soisialachas ach go háirithe, chaith sé tréimhse ag plé leis an bpolaitíocht, ach tar éis tamall, bhí a aire dírithe ar an ndrámaíocht.

 

Faoi tosach an 20ú céad, thosaigh a cháil mar dhrámadóir. Idir 1904 agus 1909, cuireadh 14 de dhrámaí Shaw ar stáitse, ag an Royal Court Theatre, i Sloane Square, Chealsea. Cé go raibh sé i measc agus cáirdiúl le, a leithéid de Yeats agus Lady Gregory, ní raibh sé comh tógtha sin leis an íomhá idéalach de Éireann, b’fhearr leis, mar a dúirt sé féin, an réaltacht d’Éire a léiriú, ina chuid saothar. Nuair a bhí rath agus aitheantas maith ar, bhí sé in ann triall a bhaint as rudaí nua agus níos triaileach ina chuid scríbhneoireachta. Bhí sé cáirdiúil comh maith le Seán O Casey, a chas ar an dhrámaíocht tar éis John Bull’s Other Island a léamh. Ní raibh Shaw róthógtha le náisiúnachas míleata na hÉireann (bhí tacaíocht a thabhairt aige do rialtas dúchas), ach ní raibh sé ró-shásta le polasaithe comhéigneach na Breataine i dtaobh Éire de, tar éis an Chéad Cogadh Domhanda.

 

Lean Shaw air leis an ndrámaíocht go dtí uair a bháis, cé gur cheap sé go gcuireadh sé deireadh lena scríbhneoireacht tar éis Back to Methuselah, ag aois 67, ach ní raibh. Idir 1920 agus a bhás i 1950, d’fhoilsigh sé 30 saothar eile, idir drámaí, gearrscéalta agus aistí. I measc a shaothar is cáiliúla, nach bhfuil luaite thuas tá Man and Superman, Pygmallion, Heartbreak House, Saint Joan, Fanny’s First Play, Androcles and the Lion.

 

Leave a Comment