Hot

Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath

8.50

Léarscáil litríochta le Gearóidín Uí Laighléis,

Coiscéim 2024,

ISBN 6660012240104,

Is é atá sa leabhar seo ná turas Sheosaimh Mhic Grianna le linn dó a bheith ag obair don Ghúm, comhlacht foilsitheoireachta an stáit, agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938. Turas nó léarscáil litríochta atá ann ar an iliomad áiteanna a raibh Seosamh ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol agus é ag saothrú litríochta idir aistriúcháin agus phrós agus obair iriseoireachta. Dúirt Seosamh gur dheacair leis fanacht in aon áit amháin níos mó ná ráithe, ach is léir anseo ón rogha den ábhar a bhí á scríobh aige cé chomh gnóthach is a bhí sé.

Níorbh annamh é in achrann leis an Ghúm, ach chuir sé saothar den scoth ar fáil dóibh. Chomh maith lena chuid bunscríbhneoireachta, rinne sé aistriúcháin ealaíonta ar úrscéalta casta dúshlánacha, agus tugtar sleachta anseo as a chuid saothair sna háiteanna éagsúla a raibh cónaí air. Tá an bunleagan anseo chomh maith le gur féidir comparáid a dhéanamh agus féachaint ar a stíl is a chumas Gaeilge ardchaighdeáin a chur ar Bhéarla crua.

Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh an leabhar leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.

Méid

Weight 0.340 kg

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath”

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Your custom content goes here. You can add the content for individual product
Barr