Sándor Márai
Coiscéim 2021
ISBN 6660012210374
Lth/Pgs 170
Aistriúchán Gaeilge de Embers (A gyertyák csonkig égnek) de chuid Sándor Márai arna chur i nGaeilge ag Irene Duffy Lynch.
I gcaisleán dearmadta i bhforaois chúlráideach ag bun na sléibhte san Ungáir, suíonn seanghinearál agus a aoi chun boird le dinnéar sómasach a ithe.
Tá bliain is daichead imithe thart ó chaith siad féin agus bean an ghinearáil béile mar seo, ó scaradh an triúr acu de bharr cúinsí mistéireacha gan mhíniú.
Anocht, agus na coinnle á loscadh, tá sé in am an fhírinne a aimsiú, gach gné den dlúthchairdeas a bhí eatarthu tráth a scrúdú. Troidfidh siad comhrac cainte ar thóir na tuisceana, é lán de thostanna tochtmhara, cúiseamh, gearán agus seachaint.
Irish language translation of Embers/A gyertyák csonkig égnek by Sándor Márai. Translated by Irene Duffy Lynch.
Reviews
There are no reviews yet.