Siobhán Cheanndána agus Dánta eile
€14.00
Description
Le Gabriel Rosenstock,
Joe McLaren a mhaisigh,
ISBN: 978-1-83720-007-8,
LTH/44,
Is iomaí íomhá álainn atá greanta inár n-aigne ag saothar fairsing Gabriel Rosenstock. Seo anois breis seoda filíochta uaidh sa chnuasach Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile – dánta a scríobh Rosenstock féin agus leaganacha Gaeilge de dhánta a scríobh filí eile ó thíortha fud fad na cruinne. Ar pháistí atá 10 mbliana d’aois nó os a chionn atá an cnuasach dírithe.
Gheobhaidh léitheoirí óga blaiseadh den saol mór tríd an réimse leathan téamaí a bpléitear leo in Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile. Tá mearadh, mothúcháin, greann agus míghreann ann go tréan idir clúdaigh an leabhair seo agus bainfidh gach léitheoir a chuid féin as na dánta.
Ar thaitin na dánta in Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile leat? Dhear an t-ealaíontóir cumasach Joe McLaren sraith de 6 dhánphóstaer A2 le dul leis an leabhar (ISBN: 978-1-83720-017-7). Maisiúchán breá le crochadh ar an mballa!
An múinteoir bunscoile thú? Tá pacáiste acmhainní do mhúinteoirí Rang 5 agus Rang 6 sa bhunscoil forbartha ag an nGúm le dul leis an leabhar Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile agus é ar fáil ar www.angum.ie. Is iad na hacmhainní atá sa phacáiste: taifead fuaime de na dánta, bileoga gníomhaíochtaí agus póstaeir don chlár bán idirghníomhach.
An Gúm presents a vibrant collection of poems by Gabriel Rosenstock for children aged 10 and over. Drawing on the rich imagination and distinctive voice that defined Rosenstock’s work, Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile includes both original poems and Irish language versions of poems from all around the world.
This engaging volume invites young readers to explore a wide range of themes and experiences. Filled with imagination, emotion, humour and poignancy, Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile offers something different and meaningful for every reader. Beautifully illustrated by Joe McLaren, this compact collection will make a wonderful addition to any personal library.
Also available are 6 fully illustrated A2 posters, each illustrating one of the poems from the book (ISBN: 978-1-83720-017-7).
5th and 6th class primary school teachers will be interested in An Gúm’s resource pack which accompanies the book Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile. Available at www.angum.ie, it includes an audio version of the book, downloadable worksheets and posters for use on interactive whiteboards.
Additional information
| Weight | 0.500 kg |
|---|
Related products
-

Dónall Ó Conaill Fuascailteoir
€4.99 Cuir sa Chairt -

Saothrú Na Gaeilge Scríofa I Suímh Uirbeacha Na hÉireann, 1700 – 1850
€20.00 Cuir sa Chairt -

I dtír mhilis na mbeo.
€10.00 Cuir sa Chairt -

Cillian ag comhaireamh
€10.00 Cuir sa Chairt -

Curaigh na hÉireann a stair agus a scéal
€15.00 Cuir sa Chairt -

Lia Fáil
€50.00 Cuir sa Chairt
Reviews
There are no reviews yet.