Beart le Briathar
€15.00
Description
Le Eoghan Mac Cormaic,
ISBN 9781919367514,
Príosúin, Cearta Daonna agus Conradh na Gaeilge 1971–2000.
Nuair a d’fhreagair uachtarán Chonradh na Gaeilge litir ó ghrúpa príosúnach i mbraighdeanas i gcampa na Ceise Fada i mí Márta 1972, ba bheag a thuig Maolseachlainn Ó Caollaí go raibh sé ag cur tús le rannpháirtíocht idir an Conradh agus cimí polaitiúla a mhairfeadh go dtí deireadh na haoise. Eagraíocht neamhpholaitiúil a bhí agus atá sa Chonradh, ach ba dheacair gan seasamh poiblí a ghlacadh i rith na mblianta sin ar cheisteanna cearta teanga do phríosúnaigh, agus ar cheisteanna cearta daonna. An raibh an baol ann go raibh a ról sna feachtais éagsúla príosúin san fheachtas Bloc H / Ard Mhacha go háirithe ag sárú a bhunreachta féin? Bunaithe ar chomhaid chomhfhreagrais idir an Conradh agus na príosúnaigh agus grúpaí tacaíochta na gcimí, scrúdaíonn Eoghan Mac Cormaic an cheist, na dúshláin agus na buanna a bhí i ndán don eagraíocht agus í ag iarraidh beart a chur le briathar.
Additional information
| Weight | 0.500 kg |
|---|
Related products
-

Coimhlint sa Mheán-Oirthear
€9.50 Cuir sa Chairt -

Na Bráithre Críostaí i gCorca Dhuibhne
€7.62 Cuir sa Chairt -

Éire Roimh An nGorta
€5.00 Cuir sa Chairt -

The Making of a Saint -Finbarr of Cork 600 -1200
€18.00 Cuir sa Chairt -

Comhréir agus Gramadach Ghaeilge
€6.35 Cuir sa Chairt -

Nach Iomaí Cor sa Saol
€6.00 Cuir sa Chairt
Reviews
There are no reviews yet.