(via Poetry Ireland)
Ba fhile agus aistritheoir é Seamus Heaney,agus é mar cheann de mhór filí na hÉireann le caoga bliain anuas. Rugadh agus tógadh é i gCo. Doire, go dtí gur fhág sé chun freastal ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Rinne sé staidéar ann ar Teanga agus Litríocht an Bhéarla. Thosaigh sé ag soilsiú a chuid filíochta, tar éis a chéim a bhaint amach gus fad agus a bhí sé ag freastal ar an choláist oiliúna múinteoirí Naomh Iosaf. Lean sé ar ag múineadh agus ag léachtóireacht agus ag scríobh ag an am céanna, go dtí 1972, nuair a bhog sé go Co. Cill Mhantáin, agus thosaigh sé ar ag scríobh go lánaimsearach. Chuir sé béim ar a fhéiniúlacht mar Éireannach agus ní mar Bhriotanach, cé gur rugadh agus tógadh é i dTuaisceart na hÉireann.
I measc na cnuasacha filíochta ar fad a d’fhoilsigh sé, Ní raibh sé teanntaithe don fhilíocht. Rinne sé roinnt aistriúchán, agus scríobh sé roinnt drámaí comh maith. Aistriúchán mhór amháin ná Beowulf. Rinne sé aistriúchán comh maith ar Buile Shuibhne, dar teideal Sweeney astray: a version from the Irish. Déanann scéal Buile Shuibhne cur síos ar Suibhne mac Colmáin, rí na Dál nAraidi a d’imigh ar mire de thoradh ar mhallacht Naomh Rónán, agus a leithéid a tharla do.
Bhuaigh sé an Duais Nobel ar son na Litríochta i 1995, ba Shaoi é san Aos Dána agus buaigh a dhánta agus a leabhair mórán duaiseanna thar ama. Bíonn a chuid filíocht le staidéar ar gcuraclaim scoile timpeall an domhain ar fad. Fuair sé bás i 2013.